Mír ghramadaí 106: An tAinmfhocal 7, an Cúigiú Díochlaonadh

Tá an chuid is mó de na hainmfhocail sa chúigiú díochlaonadh baininscneach.

Críochnaíonn roinnt ainmfhocal ar chonsan caol nó ar ghuta san ainmneach agus ar chonsan leathan (-ch, -d, -(n)n, -r) sa ghinideach uathu.

Tá tréaniolraí ag an gcuid is mó de na hainmfhocail.

Aicmí tréaniolraíAinmneach uathuGinideach uathuAinmneach agus ginideach iolra
-il, -in, -in, -ir san ainmneach uathucathair draein riail traein treoir triail uimhircathrach dreanach rialach traenach treorach trialach uimhreachcathracha dreanacha rialacha traenacha treoracha trialacha uimhreacha
-inn, -ir san ainmneach uathuabhainn máthair teorainnabhann máthar teorannaibhneacha máithreacha teorainneacha
Ainmfhocail bhaininscneacha a chríochnaíonn ar ghutaceathrú comharsa

ionga leite monarcha pearsa
ceathrún comharsan

iongan leitean monarchan pearsan
ceathrúna comharsana (gin. iol. comharsan) ingne gan iolra monarchana pearsana (gin. Iol. pearsan)
Ainmfhocail fhirinscneacha a chríochnaíonn ar -id sa ghinideach uathufiche (tabh. uathu fichid) tríocha ceathracha caoga seasca seachtó ochtó nóchafichead

tríochad ceathrachad caogad seascad seachtód ochtód nóchad
fichidí

tíochaidí ceathrachaidí caogaidí seascaidí seachtóidí ochtóidí nóchaidí
Ainmfhocail ilghnéitheachabráid cara caora

Éire (tabh. uatha Éirinn) namhaid Nollaig
brád carad caorach

Éireann

namhad Nollag
bráid cairde caoirigh (gin. iol. caorach) gan iolra

naimhde Nollaigí

Úsáid an t-eolas agus an tábla thuas, agus an bunachar gramadaí ag https://www.teanglann.ie/ga/gram, chun na bearnaí seo thíos a líonadh:

Samplaí:

  • An chathair – Tá An Páipéar ar fáil ar fud na cathrach.
  • Na mainistreacha – Tá díscaoileadh na mainistreacha i measc na ngníomhartha ba thromchúisí a rinne Anraí VIII.
  • Traein – Ba bhreá liom a bheith i mo thiománaí traenach.
  1. Na draenacha – Tá an feirmeoir ag réiteach ________________.
  2. An teorainn – Chun an praghas is fearr a fháil ní mór dul trasna ______________.
  3. An Cheathrú Ghaeltachta – Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i lár ___________________.
  4. Leite – Ag ithe mo _________________ ar maidin a bhí mé.
  5. Cara – Is maith an scáthán súil _____________.
  6. An Nollaig – Ní fada go mbeidh ceol ________________ le cloisteáil sna siopaí.
  7. Éire – Tá muintir _____________ ina gcónaí in Éirinn.
Freagraí…
  • Na draenacha – Tá an feirmeoir ag réiteach ndraenacha.
  • An teorainn – Chun an praghas is fearr a fháil ní mór dul trasna na teorann.
  • An Cheathrú Ghaeltachta – Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i lár na Ceathrún Gaeltachta.
  • Leite – Ag ithe mo leitean ar maidin a bhí mé.
  • Cara – Is maith an scáthán súil carad.
  • An Nollaig – Ní fada go mbeidh ceol na Nollag le cloisteáil sna siopaí.
  • Éire – Tá muintir na hÉireann ina gcónaí in Éirinn.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.