Craoladh clár spéisiúil le gairid ar RTÉ faoi thrialacha chailleacha Oileán Mhic Aodha i gContae Aontroma agus an iarpaiteolaí stáit, an Dr Marie Cassidy, ina láithreoir.
In 1711 fuair baintreach leis an ministir Preispitéireacha, Ann Haltridge, bás in Oileán Mhic Aodha. Chreid go leor den phobal go raibh baint ag fórsaí osnádúrtha lena bás. Go luath ina dhiaidh sin tháinig neacht Haltridge, Mary Dunbar, ar cuairt chuig an teaghlach chun sólás a thabhairt dóibh. Ach laistigh de chúpla lá thosaigh sí ag léiriú airíonna a léirigh, a creideadh, go raibh deamhan tar éis seilbh a ghlacadh uirthi. Bhuail taomanna í, d’áitigh sí go bhfaca sí taibhsí osnádúrtha, agus tuairiscíodh gur chaith sí cleití, pionnaí agus cnaipí aníos.
Sna seachtainí ina dhiaidh sin chuir sí i leith ochtar ban gur bhain siad leas as an asarlaíocht chun í a chiapadh agus seilbh a ghlacadh uirthi. D’áitigh sí gur tháinig na mná ina láthair mar thaibhsí, gur bhagair siad uirthi agus gur sheol siad deamhain chun í a ionsaí. Scaip an scéal go sciobtha i measc an phobail bhig Phreispitéirigh. Rinne dochtúirí áitiúla, an chléir, agus fiú sagart Caitliceach, iarracht í a leigheas, ach ní raibh rath ar bith ar a gcuid iarrachtaí.
Ba mhná bochta agus imeallaithe iad na mná a chúisigh Dunbar. Ba de shliocht níos saibhre ise. Bhí dornán acu sean, faoi mhíchumas nó neamhghnách go sóisialta. I bpobal ina raibh tábhacht ar leith ag an stádas, d’fhág na tréithe seo na mná in áit leochaileach. Chuir an scanradh, an chúlchaint agus an creideamh go mór leis na cúisimh i leith na mná.
Ar an 31 Márta 1711, ciontaíodh an t-ochtar ban faoi Acht na gCailleach 1586. Níor cuireadh chun báis iad mar a dhéanfaí in Albain tráth an ama chéanna. Gearradh pionóis bhliana orthu agus b’éigean dóibh seasamh sa phiolóid ar cheithre lá margaidh éagsúla. Níos déanaí an bhliain chéanna cúisíodh an naoú duine, fear darbh ainm William Sellor. De bharr gur bhásaigh Mary Dunbar i ndiaidh di Sellor a chúiseamh agus roimh an triail, cúisíodh é as a bás tríd an asarlaíocht, gníomh a ngearrfaí pionóis an bháis as.
De bharr easpa foinsí stairiúla ní fios dúinn céard a tharla do Sellor. Mar sin ní heol dúinn deireadh an scéil. Ach choinnigh scríbhneoirí, iriseoirí, chomh maith leis an bpobal, an scéal i mbéal na ndaoine. Rinneadh athmhúnlú air chun buairt na linne a léiriú. D’úsáidtí é chun mná neamhghnácha mar mhná a bhí ina mbagairt don ord sóisialta a ionsaí.
Ach ní raibh eolas mór faoi thrialacha Oileán Mhic Aodha, mar a bhí ar thrialacha a tharla in áiteanna eile san Eoraip nó i dtuaisceart Mheiriceá. Ach le blianta beaga anuas tá staraithe, ealaíontóirí agus grúpaí pobail tar éis tionscadail éagsúla a chur i dtoll a chéile, amhail úrscéalta, drámaí, agus digitiú cartlann, chun an scéal a chur faoi bhráid an phobail.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.