Spórt, polaitíocht agus an Ghaeilge fite fuaite i leabhar nua Rouse agus Billings

Is toradh ar chairdeas agus ar chomhrá laethúil Gaeilge é an leabhar nua faoi spórt agus polaitíocht in Éirinn atá scríofa ag Paul Rouse agus Cathal Billings, dar leis an staraí Rouse, a bhí ag labhairt le An Páipéar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Seo an chéad leabhar iomlán Gaeilge le Rouse, agus dúirt sé gur chomhlíon sé uaillmhian phearsanta leis an saothar. Thug sé ardmholadh do Billings as a chuid taighde agus scríbhneoireachta, agus as an stíl a chuir sé ar an leabhar.

“Gan mo chara Cathal Billings ní bheadh an leabhar seo críochnaithe,” a dúirt sé. “Rinne sé sárjab leis an taighde agus an scríbhneoireacht.”

Dúirt Rouse go raibh sé an-bhródúil as an saothar a bhí curtha i gcrích acu agus as é a bheith á sheoladh ag an Oireachtas. Ba é seo a chéad chuairt ar an bhféile, rud a d’fhág idir iontas agus aiféala air.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.