Éileamh ar chúrsaí trí Ghaeilge á fhiosrú i dtaighde náisiúnta

Tá an t-éileamh ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge i réimsí amhail an tsíceolaíocht, an eolaíocht agus an stair á fhiosrú mar chuid de thaighde náisiúnta atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh deis ag mic léinn, léachtóirí, múinteoirí meánscoile agus daoine atá ag obair san earnáil phoiblí a dtaithí agus a dtuairimí a roinnt leis an bhfoireann taighde. Táthar ag súil le tuarascáil a fhoilsiú i mí na Bealtaine.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Ciara Ní Aodhgháin, léachtóir i Scoil na Síceolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, go bhfuiltear ag iarraidh a fháil amach cé na hábhair ar mhaith le daoine staidéar a dhéanamh orthu trí Ghaeilge.

Ní ar chúrsaí teanga amháin atá an obair dírithe. Tá réimse leathan ábhar acadúil faoi chaibidil, agus an fhoireann ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge san ardoideachas.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.