Aitheantas agus tacaíocht de dhíth ar chanúintí Mhaigh Eo

Tá gá le níos mó aitheantais do chanúintí Gaeilge Mhaigh Eo agus le deiseanna níos fearr dá gcainteoirí teacht le chéile, dar le Darren Ó Riagáin, a thug léacht faoi shaibhreas teanga an chontae ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt sé gur chuir an slua a tháinig chuig an ócáid iontas agus misneach air. Cé go bhfuil dúshláin mhóra roimh an teanga sna ceantair éagsúla, mhaígh sé gur cheart aird a dhíriú ar an nGaeilge bheo atá iontu agus ar an mórtas atá á athmhúscailt ina measc.

Ba iad Gaeilge Iorrais agus Pobal Gaeilg’ Acla a d’eagraigh an léacht, agus bhí seisiún ceoil thraidisiúnta le ceoltóirí agus amhránaí Mhaigh Eo ina diaidh. Bhí éagsúlacht na gcanúintí agus a dtábhacht don phobal lárnach sa chur i láthair.

Dar le Ó Riagáin, níor cheart labhairt ar chanúint aonair Mhaigh Eo amhail is gur mar a chéile an chaint ar fud an chontae. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge Iorrais, Acla agus Thuar Mhic Éadaigh, idir fhoghraíocht, rithim, stór focal agus leaganacha cainte.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.