
Tá GaelStair, an chartlann Ghaeilge is mó sna sé chontae, ag iarraidh cur lena bailiúchán stairiúil agus scéalta phobal na Gaeilge a thabhairt os comhair lucht féachana níos leithne ar fud na tíre.
Ó bhunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste go dtí athbheochan na Gaeilge sa tuaisceart, tá réimse leathan scéalta, cuimhní cinn agus ábhar oidhreachta caomhnaithe ag an eagraíocht.
Tá GaelStair lonnaithe san Sportlann ar champas Choláiste Feirste i mBéal Feirste, áit a bhfuil dlúthcheangal aici leis an scoil agus lena daltaí.
Labhair An Páipéar le Moya Ní Dhuagáin, a ceapadh le déanaí ina hOifigeach Oidhreachta agus Cartlainne le GaelStair, faoin obair atá ar bun agus na pleananna atá aici don eagraíocht.
“Thosaigh mise coicís ó shin le GaelStair agus tá mé ag baint an-sult as an phost nua,” a dúirt sí.
“Tá sárobair déanta ag GaelStair cheana féin agus tá go leor scéalta iontacha bailithe acu. Ach táimid ag iarraidh cur leis an gcartlann, go háirithe sa Tuaisceart.
“Táimid ag iarraidh na scéalta fíorspéisiúla sin a bhailiú agus iad a chur i mbéal an phobail.”
Ba í Bríd Nic Sheáin, duine de na ceannródaithe a bhí taobh thiar de bhunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, a bhunaigh GaelStair.
D’aithin sí an gá a bhí le cartlann a bhunú chun stair ghluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide ó bhaile a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Tá ról lárnach ag Coláiste Feirste san obair sin, agus bíonn daltaí páirteach i mbailiú agus i gcaomhnú na scéalta.
“Creidim féin go gcaithfimid stair na nGael a chaomhnú chun todhchaí na teanga a fhorbairt,” a mhínigh Ní Dhuagáin.
“Is iad na daltaí, na daoine óga agus an chéad ghlúin eile na daoine is tábhachtaí leis sin a dhéanamh.
“Táimid ag iarraidh iad a spreagadh, ní hamháin chun stair na Gaeilge a chaomhnú agus a bhailiú, ach chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a labhairt.”
Tá taispeántais éagsúla curtha le chéile ag GaelStair thar na blianta, ina measc Saol trí Ghaeilge, Saol gan Bhochtanas, a dhírigh ar thábhacht na dlúthpháirtíochta agus an chomhoibrithe idir pobail.
Tá taispeántas eile dírithe ar ról na mban i ngluaiseacht na Gaeilge, go háirithe mná an Tuaiscirt, ar minic nach bhfaigheann a gcuid oibre an t-aitheantas cuí i gcuntais stairiúla.
“Nuair a smaoinímid ar an stair, is minic a bhíonn an bhéim ar na fir. Rinne siad rudaí iontacha, cinnte, ach bhí sé tábhachtach do GhaelStair stair na mban a chur i mbéal an phobail fosta,” a dúirt sí.
Tá sé beartaithe anois ag an eagraíocht na taispeántais sin a thabhairt ar camchuairt chuig ionaid eile.
Bhí taispeántais de chuid GaelStair ar siúl cheana féin in Ollscoil Uladh, i Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus i leabharlanna éagsúla.
Tá teagmháil á déanamh anois le heagraíochtaí i nDoire, i nDún na nGall agus i gCorcaigh chun deiseanna breise a fhiosrú.
Sular ceapadh í le GaelStair, d’oibrigh Ní Dhuagáin i dtionscal na scannánaíochta agus na teilifíse, go háirithe i réimse na bhfeisteas.
Bhí sí páirteach i léiriúcháin a rinneadh i mBéal Feirste, in Albain agus sa Spáinn.
Tá súil aici anois leas a bhaint as a taithí chruthaitheach chun oidhreacht na Gaeilge a chur os comhair lucht féachana nua agus chun a chinntiú nach ligfear scéalta tábhachtacha an phobail i ndearmad.