
Cé gur ceird í an lásadóireacht a tugadh isteach sa tír, tá ár gcruth féin curtha againn uirthi agus í neadaithe i dtraidisiún ceardaíochta na tíre. Le linn an naoú haois déag a tháinig tionscal na lásadóireachta chun cinn. Bróidnéireacht agus fuáil atá i gceist leis an lásadóireacht i ndáiríre, agus bhí na scileanna sin, gan dabht, le feiscint go maith in Éirinn i bhfad roimh an naoú haois déag. Deirtear go raibh 3 bhróidnéir ag Naomh Pádraig féin i bhfad ó shin. Thug sí deiseanna gairme do mhná go háirithe ar feadh na gcéadta.
Go luath sa naoú haois déag a thosaigh lása Luimnigh ag teacht chun cinn. Sa chathair roimhe sin bhí tionscal fuála ann agus comhlachtaí ag easportáil cultacha míleata, lámhainní agus rudaí mar sin. Thug Charles Walker ranganna ar dhéanamh an lása ó 1829 agus d’fhorbair lása Luimnigh go mór idir 1830 agus 1870, agus bunaíodh cuid mhaith comhlachtaí. Is sampla de lása measca í an stíl seo lása, is é sin le rá go ndéantar bróidnéireacht láimhe ar éadach measíndéanta. Deirtear go raibh 1850 duine fostaithe sa tionscal i Luimneach sna 1850í agus easportáil ar siúl go Londain agus Glaschú go háirithe. Thosaigh na clochair ag múineadh na ceirde do chailíní óga sa naoú haois déag chomh maith mar ábhar praiticiúil a chabhródh le fostaíocht.
I gContae Mhuineacháin tá cúpla stíl éagsúil lása ann. Baineann ceann acu le Cluain Eois agus an ceann eile le Carraig Mhachaire Róis. Tar éis an Ghorta Mhóir thug bean darb ainm Cassandra Hand an smaoineamh chun cinn scileanna lásadóireachta a mhúineadh do chailíní agus mná áitúla. Cé gur mhúin sí stíl a tháinig ón Veinéis, cheap mná na háite go raibh sé i bhfad rófhadálach, agus d’fhorbair siad an cheird. D’athraíodar bioráin fuáile iad féin abhairín i dtreo bioráin chróisé agus thugadar faoi. Ghlaoigh siad bioráin an Ghorta ar na bioráin seo a d’fhorbair siad. Chuaigh an cheird i léig san fhichiú haois, ach trí Bhantracht na Tuaithe sna 1990í tháinig an cheird chun cinn arís, agus tá iarsmalann lása i gCluain Eois inniu le samplaí áilne áitiúla.
Níl aon dabht faoi ach gurb é lása Charraig Mhachaire Róis is mó a bhfuil cáil air de bharr é a bheith in úsáid ag dearthóirí mór le rá, lena n-áirítear Sybil Connolly, Vonnie Reynolds agus Alexander McQueen. Thosaigh sé amach, cosúil le scéal Luimnigh, sa naoú haois déag, agus mná cosúil le Mrs Grey Porter agus an Múinteoir Reed a mhúin ar dtús na scileanna go háitúil, ag iarraidh cabhrú le mná áitiúla slí bheatha a chleachtadh. Bhí scoileanna lása sa cheantar agus, chomh maith leis sin, thosaigh na mná rialta á múineadh chomh maith. Bhí an-tóir ar an lása seo, go háirithe sa Bhreatain, agus cabhraigh an tionscal go mór le daoine áitúila le linn an Ghorta Mhóir go mórmhór. I ngúnaí bainise agus cailleacha brídeoige is mó a bhfuil cáil ar an saghas seo lása inniu.
In Áth Cinn i gContae na Gaillimhe tá lásadóireacht baibín, a tháinig chun cinn ag deireadh an ochtú haois déag, agus cailíní óga á múineadh agus á bhfostú ag na mná ó chlann St George ansin. In 1847, bliain a raibh cúpla céad duine fostaithe sa tionscal in Áth Cinn, chuir an Bhanríon Victoria isteach ordú ar lása ar luach £20. Bhí suim ar leith aici i lása Éireannach a cheannach, rud a chuir go mór leis na gnólachtaí ar fad. Bhí borradh mór in aon chomhlacht lása nuair a tháinig ordú isteach uaithi, mar le coim 46 orlach aici bhí costas mór bainteach leis! Tá tograí áilne déanta le déanaí in Ath Cinn le lásadóireacht ealaíonta phoiblí crochta, ceardlanna éagsúla ar bun chun an cheird féin a chur chun cinn agus fiú amhrán nua-chumtha ag an ngrúpa The Whileaways i dteannta lásadóirí a bhaineann le Tionscadal Lása Áth Cinn.
In Eochaill i gCorcaigh tá traidisiún a thosaigh i gceart le bean rialta le linn an Ghorta Mhóir. Thosaigh an tSiúr Mary Anne Smith ag múineadh na scileanna ar scoil agus díoladh mataí lása, ciarsúir agus éadaí, gnó a chabhraigh go mór go háitúil. Bunaíodh scoil lásadóireachta go hoifigiúil in 1852, agus faoi 1854 bhí 120 cailín fostaithe ann agus an lása a dhíol mórthimpeall na tíre agus thar lear. Cé go ndeachaidh an tionscal i léig, cosúil le háiteanna eile, san fhichiú haois, bhí na scileanna fós á dtabhairt ar aghaidh, agus inniu tá meitheal dheas lásadóirí in Eochaill agus iarsmalann lása oscailte ann ó anuraidh.
Cé gur gluaiseacht dhaonnachtúil a bhí i gceist le tionscal na lásadóireachta san naoú haois déag, den chuid is mó is mná saibhre a bhí ina bun agus iad ag iarraidh cabhrú leis na mná bochta áitúila. Cé gur ceird idirnáisiúnta é an lásadóireacht, dhein mná Éireannacha an cheird a chur in oiriúnt dóibh féin, agus chuireadar a mblas féin air. Tá stíleanna réigiúnacha soiléir i gceist leis na cineálacha lása seo ar fad agus iad ainmnithe ar liosta Fhardal Náisiúnta na hÉireann maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Tá lásadóirí cosúil le Fiona Harrington ag cur na ceirde chun cinn i mBaile Átha Cliath agus í i mbun taispeántais ealaíne cruthaithí chomh maith le ceardlanna a chur ar siúl i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá lásadóirí na Coiribe agus na Buiríse ann chomh maith le grúpaí náisiúnta, iad ar fad ag coimeád scileanna beo an traidisiúin sabháilte.