Léamhthuiscint: Córas ama stairiúil na hÉireann

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Sula raibh cloig dhigiteacha nó córais dhomhanda chumarsáide againn bhí an t-am in Éirinn á rialú ag rudaí iomlán difriúil seachas mar atá inniu. San am atá thart bhí am áitiúil na hÉireann bunaithe go hiomlán ar sheasamh na gréine sa spéir ag pointe áirithe. Ós rud é go go mbíonn an ghrian ag an bpointe is airde sa spéir níos luaithe in oirthear na tíre ná mar a bhíonn san iarthar, bhí difríochtaí ama idir bailte difriúla ar fud an oileáin. Mar shampla, bhí am Bhaile Átha Cliath thart ar fiche nóiméad chun tosaigh ar am na Gaillimhe.

Sna 1800í, de réir mar a tháinig forbairt ar an líonra iarnróid agus ar an teileagraf, chruthaigh na difríochtaí áitiúla seo mearbhall mór ar an tsochaí. Bhí sé thar a bheith deacair amchlár traenach cruinn a dhréachtú. Chun an fhadhb seo a réiteach, ritheadh an tAcht Reachtanna (Sainmhíniú Ama) in 1880t. Bhunaigh an t-acht seo am meánach Bhaile Átha Cliath mar am oifigiúil na tíre ar fad. Bhí an t-am seo bunaithe ar an am ag Réadlann Dhún Sinche i mBaile Átha Cliath. Bhí sé 25 nóiméad agus 21 soicind taobh thiar de mheán-am Greenwich sa Bhreatain.

D’fhan an córas seo i bhfeidhm ar feadh níos mó ná tríocha bliain. Mar sin féin, le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, chinn Rialtas na Ríochta Aontaithe, a bhí i gceannas ar 32 contae na hÉireann ag an am, go raibh gá le córas ama a bheadh aontaithe chun gual a shábháil agus chun cumarsáid chogaidh a dhéanamh níos éasca. I mí Dheireadh Fómhair 1916 ritheadh an tAcht Ama (Éire), a chuir deireadh le ham meánach Bhaile Átha Cliath go hoifigiúil. Cé gur athrú praiticiúil a bhí ann, bhraith go leor náisiúnaithe ag an am gur chaill an tír cuid dá féiniúlacht ar leith nuair a cuireadh deireadh le ham Bhaile Átha Cliath agus a tugadh isteach am Londan.

Sna blianta ina dhiaidh sin, tar éis neamhspleáchas na hÉireann, coinníodh an nasc le meán-am Greenwich i rith an gheimhridh. Ach tugadh reachtaíocht nua isteach sna 1920í agus 1960í chun rudaí a rialú.


    Ceisteanna buntuisceana

    1. Cén bunús a bhí le ham áitiúil na hÉireann sular tugadh an t-am caighdeánach isteach?
    2. Cad chuige ar cruthaíodh mearbhall sa naoú haois déag de bharr na ndifríochtaí ama áitiúla?
    3. Cad é am meánach Bhaile Átha Cliath agus cén difríocht a bhí idir é agus meán-am Greenwich?
    4. Cén bhliain inar cuireadh deireadh go hoifigiúil le ham meánach Bhaile Átha Cliath, agus cén fáth ar tharla sé sin?
    5. Cén fáth ar bhraith daoine áirithe míshásta nuair a d’athraigh córas ama na tíre in 1916?
    An Páipéar
    Forbhreathnú Príobháideachais

    Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.