Ainmfhocail a chríochnaíonn ar -ín, formhór na n-ainmfhocal dar críoch guta agus líon beag ainmfhocal eile.
Tá na hainmneacha ceirde dar críoch guta sa cheathrú díochlaonadh firinscneach, mar shampla ceardaí, ceannaí, cócaire, altra.
Tá na hainmfhocail theibí a chumtar ó aidiachtaí agus a chríochnaíonn ar -e sa díochlaonadh seo baininscneach, mar shampla airde, gile, saoirse.
Ní athraíonn ainmfhocail sa díochlaonadh seo sa tuiseal ginideach.
Baininscneach de ghnáth atá leaganacha díspeagtha dar críoch -ín más focal baininscneach an bunfhocal: an bheainín, an mhuicín bheag, an tsúilín. Tá eisceachtaí firinscneacha ann: an paidrín, an toitín.
Fiú má tá focal dar críoch -ín baininscneach, pléitear leis mar fhocal firinscneach sa ghinideach: an bheainín bheag, teach an bheainín bhig.
Níl uimhir iolra ag roinnt ainmfhocal sa cheathrú díochlaonadh: cruach (an miotal), dóthain, gorta, lucht (nuair is daoine atá i gceist), oiread, tobac.
Sa díochlaonadh seo atá ainmneacha pearsanta nach n-athraíonn sa ghinideach: Cáit, teach Cháit, Liam, leabhar Liam, Pilib, carr Philib, Siobhán, cara Shiobhán, Uileag, scéal Uileag
| Aicmí tréaniolraí | Ainmneach agus ginideach uathu | Ainmneach agus ginideach iolra |
|---|---|---|
| -a, -e, -ín san uatha -(a)í san iolra | altra báidín fáinne | altraí báidíní fáinní |
| -le, -ne san uathu -te san iolra | baile sloinne tine | bailte sloinnte tinte |
| -(a)í, -aoi, -é san uathu -(i)the san iolra | ainmhí draoi giúir, | ainmhithe draoithe giúiréithe |
| -nna san iolra | bogha ceo cnó grua íomhá lao meá nia | boghanna ceonna cnónna gruanna íomhánna laonna meá nianna |
| -(e)anna san iolra | bus seic téacs | busanna seiceanna téacsanna |
| -ite san iolra | comhrá cró crú rá slua | comhráite cróite crúite ráite sluaite |
| Ilghnéitheach | achainí airí aithne bó claí duine gabha gnó oíche slí teanga | achainí airí aitheanta ba (gin. iol. bó) claíocha daoine gaibhne gnótha oícheanta slite teanga |
Úsáid an t-eolas agus an tábla thuas, agus an bunachar gramadaí ag https://www.teanglann.ie/ga/gram, chun na bearnaí seo thíos a líonadh:
Samplaí:
An t-altra – Is é Sinéad ainm an altra.
Na bailte – Tá aithne air ar fud na mbailte.
An téacs – An bhfuil tú ag scríobh an téacs chuige anois?
- An cluiche – Feicfidh mé thú tar éis ____________.
- An fharraige – Sheol Naomh Breandán trasna ____________.
- Na páistí – Bhí milseáin go leor ann ag cóisir _____________.
- An slua – Bhí an t-óglach groí i gceann _______________.
- An oíche – Ná bí amuigh i lár _______________.
Freagraí…
- An cluiche – Feicfidh mé thú tar éis an chluiche.
- An fharraige – Sheol Naomh Breandán trasna na farraige.
- Na páistí – Bhí milseáin go leor ann ag cóisir na bpáistí.
- An slua – Bhí an t-óglach groí i gceann an tslua.
- An oíche – Ná bí amuigh i lár na hoíche.