Bunú Scoil Éanna, an 8 Meán Fómhair 1908

Rinne Pádraig Mac Phiarais cáineadh géar ar an gcóras oideachais coilíneach in Éirinn, na scoileanna náisiúnta, ina phaimfléid The Murder Machine. Ba chóras é, dár leis, a chuir cos ar bolg ar spiorad na ndaltaí agus a bhrú an teanga agus cultúr go leataobh. An réiteach air seo ná córas oideachais a bhunú a raibh sé mar “sprioc cabhrú leis an bpáiste a bheith ina leagan is macánta agus is fearr de féin”.

D’fhorbair spéis an Phiarsaigh san oideachas as an dual a bhí aige in athbheochan na Gaeilge. Bhunaigh sé Scoil Éanna ar an 8 Meán Fómhair 1908 ag Teach Fhiodh Cuillinn in Raghnallach. Ghlac an Piarsach ról an phríomhoide agus bhí Tomás Mac Donnchadha in éineacht leis mar leas-phríomhoide.

Ar lá a oscailte bhí dhá scór dalta ag freastal ar an scoil, ach chuaigh sin i méid agus faoi dheireadh na bliana bhí an ceithre scór ann. D’fhás na huimhreacha ar bhonn leanúnach idir 1908 agus 1909. D’áitigh an Piarsach in 1909 nárbh ann do bhuachaill sa scoil “nach dtagann ó theach ina bhfuil traidisiún an tsaothraithe ar son na hÉireann, traidisiúin litríochta, scolártha nó seirbhís pholaitiúil”.

Tionscadal clainne a bhí i Scoil Éanna ar bhealaí go leor. I measc na mball foirne bhí: Liam Mac Phiarais, deartháir le Pádraig, a mhúin ealaíon; Mairéad Nic Phiarais, deirfiúr leis, a mhúin an Fhraincis; agus Máire Bhríd Bean an Phiarsaigh, máthair na clainne, a mhúin ceol. Chabhraigh an bheirt bhan le cúrsaí riaracháin chomh maith sna blianta tosaigh.

Cruthaíodh atmaisféar clainne, neamhinsititiúideach, a d’fheil do na buachaillí “lácha agus leochaileacha”. B’inspioráid traidisiún Gaelach an altramais don Phiarsach. Shamhlaigh sé an scoil mar mhacasamhail de chór buachaillí Eamhain Macha. Tagraíodh do Chú Chulainn chomh minic sin sna ranganna go ndúirt na buachaillí, agus iad ag magadh, gur “ball foirne dofheicthe” a bhí sa laoch Fiannaíochta.

Roghnaíodh an “an modh díreach”, bunaithe ar mhodh a bhí á úsáid sa Bheilg, mar mhodh múinte. Is é bunús an mhodha ná go dtumtar sa teanga an dalta agus go bhfoghlaimítear an teanga tríd an gcomhrá, an gníomh agus ábhar múinte físiúil. Mar sin ba é Scoil Éanna an chéad scoil tumoideachais, an chéad Ghaelscoil. Níor múineadh ach na hábhair eolaíochta, nach raibh an téarmeolaíocht Ghaeilge forbartha iontu go fóill, trí Bhéarla. Ba é “neart in ár lamhaibh, fírinne in ár dteangthaibh, glaine in ár gcroíthe”.

Bhain an scoil cáil amach go sciobtha as na drámaí a léiríodh ann. Léiríodh saothar de hÍde agus Standish O’Grady. Agus d’fhreastail pearsanra cultúrtha mór le rá, leithéidí Eoin Mhic Néill, Úna Ní Fhaircheallaigh, Éamoin Uí Mháirtín, Mháire Ní Éideáin, agus W.B. Yeats, ar na drámaí. Scríobh an Piarsach drámaí ar nós Mac-Ghníomharta Chúchulainn chun idéalacha gaisciúla a spreagadh i measc na ndaltaí. Nascadh an lúthchleasaíocht agus an corpoideachas le neart an náisiún. Ar ball thosaigh Con Colbert ag baint leaa as an modh druileála Sualannach a leag an bhéim ar an disciplín agus ar mháirseáil.

Fás, forbairt agus láthair nua

Faoin scoilbhliain 1909-10 bhí 130 dalta ag freastal ar an scoil agus bhraith an Piarsach go raibh Teach Fhiodh Cuillinn róbheag. In 1910 bhog Scoil Éanna chuig an Eirmeatáiste, teach a tógadh san ochtú haois déag, in Ráth Fearnáin, a bhí amuigh faoin tuath an tráth sin agus caoga acra de choillte, páirceanna agus uisce thart air.

Bhí baint ag Roibeárd Emmet leis an áit; rud a spreag na daltaí. Spreagadh na daltaí i dtaobh an nádúir de chomh maith agus chaith siad am ag faire ar an nádúr, ag fás plandaí i gcuibhrinn sa ghairdín, agus eiseamail a bhailiú d’iarsmalann na scoile gan “rudaí fiáine” a ghortú.

Nuair a bhog na buachaillí go Ráth Fearnáin osclaíodh Scoil Íde do chailíní i dTeach Fhiodh Cuillinn, agus reáchtáladh é ar na prionsabail chéanna le Scoil Éanna.

Múinteoirí agus curaclam

Tháinig léachtóirí mór le rá, ina measc Alice Stopford Green, Dubhghlas de hÍde, Edward Martyn, Sarah Purser, Eoin Mac Néill agus W.B. Yeats, chun léachtaí a thabhairt. I measc na múinteoirí bhí Pádraic Colum, William Clarke, Joseph Carroll, Dr Patrick Doody, Tomás MacDomhnaill, Michael MacRuaidhrí, Standish O’Grady, agus Michael Smithwick. 

D’fhoilsigh na daltaí a n-iris féin, An Scoláire, agus chuaigh siad i mbun staidéir ar réimse leathan ábhar lenar áiríodh an gharraíodóireacht agus an Éigipteolaíocht. Ach i ndiaidh don scoil bogadh thit líon na ndaltaí. I 1910-11 bhí seachtó dalta i Scoil Éanna, ach i ndiaidh 1912 ní raibh níos mó ná seasca dalta ann. In 1915, bliain roimh an éirí amach, ní raibh ach ocht mbuachaill agus fiche thar cheithre bliana déag d’aois a d’fhan don dá théarma.

Bhí an Piarsach gafa i ndiaidh 1912 leis an bpolaitíocht réabhlóideach agus, anuas air sin, bhí deacrachtaí airgeadais ag an scoil; ba iad seo an dá phríomhchúis leis an meath a tháinig ar líon na ndaltaí i Scoil Éanna.

Éirí Amach 1916

Bhí tionchar ollmhór ag an scoil ar chúrsaí in 1916. Chomh maith leis deartháireacha Mhic Phiarais agus Tomás Mac Donnchadha, mhúin Éamon Ceannt agus Con Colbert sa scoil. Ghlac cúig dhalta dhéag páirt san éirí amach. Ina measc bhí leithéidí Dheasún Uí Riain, a throid in Ard-Oifig an Phoist agus a bhí ina údar ar ball, agus Sheosamh Mhic Shuibhne, naoscaire in Ard-Oifig an Phoist a cuireadh i ngéibheann in Frongoch ar ball.

I ndiaidh an Éirí Amach ghlac na Sasanaigh seilbh ar an Eirmeatáiste. D’athoscail Máire Mhic Phiarais an scoil arís i dTeach Fhiodh Cuillinn, agus d’fhill siad ar Ráth Fearnáin in 1919. Chaith Seosamh Mac Donnchadh seal gairid mar phríomhoide sular gabhadh é. Níorbh fhear gnó a bhí sa Phiarsach agus bhí an scoil i sáinn airgeadais sna blianta i ndiaidh dó a bheith curthua chun báis. D’ainneoin iarrachtaí na clainne dúnadh an scoil in 1935. 

Fágadh an Eirmeatáiste le hoidhreacht ag an Seanadóir Mairéad Nic Phiarais. Nuair a bhásaigh sise in 1969 fágadh an láthair ag an stát. Is iarsmalann atá i Scoil Naomh Éanna sa lá atá inniu ann. Agus tá Gaelscoil Lios na nÓg, a bunaíodh in 1996, lonnaithe i dTeach Fhiodh Cuillinn.

An samhlódh an Piarsach, a d’fhág oidhreacht na Gaelscolaíochta againn agus é ag obair faoi riail Shasana, go mbeadh stráicí móra de stát na sé chontae fichead gan Ghaelscoil, agus contaetha iomlána gan Ghaelcholáiste, 104 bliain i ndiaidh “neamhspleáchas” a bhaint amach?


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.