Ag coinneáil leis na déithe Gaelacha, breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar Nuadha

Grianghraf: Caoimhín Ó Cadhla
Ainmneacha Nuadha
Cuirtear ainmneacha éagsúla ar Nuadha: Nuadha Airgeadlámh, nó Nuadu Argatlám sa tSean-Ghaeilge, agus Nuadha Neacht, agus i scéalta faoi Bhrú na Bóinne cuirtear Elcmhar air freisin.
Cén saghas dé atá ann?
Luaitear é mar laoch. Bhí sé ina rí ar Thuatha Dé Danann. Ní raibh aon fhéasóg air.
Dia idir-Cheilteach
Aithníodh Nuadha ar fud chríocha na gCeilteach. In Lydney in Gloucester agus in Lancashire tá inscríbhinní ann ina leith faoin ainm Nodens nó Nōdons, dia mara agus dia leighis. Creidtear gur macasamhail an dé Rómhanaigh Mars é. In Lydney tá madraí bainteach leis agus mar sin ceaptar go bhfuil sé bainteach le fiach freisin. Sa Bhreatnais bhí Nudd Llaw Ereint (Nuadha Lámh Airgid) air tráth, a d’fhorbair go Lludd Llaw Ereint i mBreatnais an lae inniu. Tá cosúlacht idir Nuadha agus naomh a dtugtar ómós dó i gCorn na Breataine agus sa Bhriotáin, Melor. Deirtear gur chaill seisean lámh freisin, agus gur tugadh lámh airgid dó.
Logainm
Is é an logainm is cáiliúla a bhaineann le Nuadha ná Maigh Nuad. Is údar íoróine é gur bunaíodh cliarscoil le cabhair gall ansin ina gcuirtear oiliúint ar ábhair sagart Caitliceach, áit atá ainmnithe as dia págánacha Gaelach.
A chéile agus a shliocht
Is í Boann, bandia Abhainn na Bóinne, bean chéile Nuadha. Tá siad ina gcónaí i mBrú na Bóinne go dtí go ndíbríonn Aonghus Óg é amach as an áit. Is fionnó leis Fionn mac Cumhaill.
Scéalta faoi
Tá Nuadha ina rí ar Thuatha Dé Danann. I gcéad chath de Mhaighe Tuireadh cailleann Nuadha a lámh. De réir nósanna Thuatha Dé Danann ní féidir lot ná cáim a bheith ar rí. Caithfidh sé éirí as agus tagann Breas ó na Fomhóraigh i gcomharbacht air. Ach tá Breas an-bhrúidúil agus mar sin tá Tuatha Dé Danann ag go mbeidh Nuadha ar ais mar rí. Déanann Dian Céacht lámh airgid dó, agus tar éis seacht mbliana cuirtear ruaig ar Bhreas agus tá Nuadha i gcumhacht arís.
Conclúid
Má tá tú ag iarraidh cosúlacht Nuadha a fheiceáil téigh go hArd-Teampall Ard Mhacha. Istigh ann feicfidh tú Íol Tóin le Gaoth. Creidtear gur Nuadha atá ann, agus greim aige ar a lámh ghortaithe.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.