Craoladh eagrán speisialta Dé Máirt an 8 Meán Fómhair den chlár Talkback ar BBC Raidió Uladh. Bhí an clár ag teacht beo ó Leabharlann Lárnach Bhéal Feirste, agus William Crawley, nach bhfuil ach an ceathrú láithreoir ar an chlár, ag déanamh ceiliúradh 40 bliana ar an seó.
Thosaigh Talkback thiar in 1986 agus Feisire Parlaiminte de Pháirtí Aontachtach Uladh, John Taylor, ag impí ar Aontachtaithe dul ar ais go Westminster i ndiaidh baghcat de bharr an Chomaontaithe Angla-Éireannaigh.
Chonacthas roinnt daoine mór le rá curtha faoi agallamh ar an chlár ó shin i leith, amhail Sinéad O’Connor, an tArdeaspag Desmond Tutu, agus Donald Trump, sula raibh sé ina Uachtarán ar Mheiriceá.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!