Os cionn 50 imeacht saor in aisce ag Féile Bronntanas 2026

HK Ní Shioradáin
Grianghraf: Owen Clarke

Beidh breis agus 50 imeacht saor in aisce do leanaí agus dá dteaghlaigh ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath mar chuid d’Fhéile Bronntanas 2026, a reáchtálfar ón 14 Meán Fómhair go dtí an 4 Deireadh Fómhair.

Tá an fhéile, atá dírithe ar leanaí idir 0 agus 12 bhliain d’aois, á cur i láthair ag Gaeilge365, comhpháirtíocht idir ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. Is é seo an dara bliain den fhéile, a cheiliúrann an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann ar bhealach spraíúil, cruthaitheach agus fáilteach.

I measc na n-imeachtaí beidh ceardlanna scríbhneoireachta rap leis an gceoltóir James Shannon ó Imlé, eispéiris cheoil chomhaimseartha le Lisa Murray, seisiúin scéalaíochta, céilithe, imeachtaí oidhreachta agus ceardlanna ealaíne do theaghlaigh.

Beidh dúshlán laethúil teaghlaigh mar chuid den chlár freisin, agus é mar aidhm aige cabhrú le daoine an Ghaeilge a thabhairt isteach sa bhaile ar bhealach neamhfhoirmiúil.

Is iad HK Ní Shioradáin, ealaíontóir, scríbhneoir agus cumadóir as Baile Átha Cliath, Stiúrthóir Fhéile Bronntanas i mbliana. Dúirt HK nár shamhlaigh siad i dtús a ngairme go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de na huirlisí cruthaitheacha ba thábhachtaí ina gcuid oibre.

Tháinig athrú ar a ndearcadh agus iad ag obair ar an léiriúchán amharclainne Gaeilge Grindr, Saghdar, agus Cher.

“Nuair nach bhfeiceann tú rud éigin, is deacair tú féin a shamhlú á dhéanamh. Ansin go tobann bhí mé timpeallaithe ag daoine a bhí ag cruthú saothair spreagúil, ghreannmhar agus nua-aimseartha trí Ghaeilge agus shíl mé: más féidir leo é a dhéanamh, is féidir liomsa é a dhéanamh freisin,” a dúirt siad.

Ghlac HK páirt i mBronntanas anuraidh mar ealaíontóir coimisiúnaithe agus chruthaigh siad saothar amharclannaíochta dátheangach. Ceapadh ina stiúrthóir féile iad i ndiaidh dóibh moltaí a dhéanamh faoi fhorbairt na féile.

Dúirt HK gur mian leo aon bhrú a bhaint den teaghlach atá ag iarraidh páirt a ghlacadh.

“Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat. Ní gá aon Ghaeilge a bheith agat ar chor ar bith. Ba mhaith linn go bhfeicfeadh teaghlaigh an Ghaeilge mar rud taitneamhach, cruthaitheach agus fáilteach,” a dúirt siad.

Dar leo, is geata í an teanga chuig an gcultúr, an chruthaitheacht agus an pobal. Tá súil acu go meallfaidh Bronntanas teaghlaigh nach bhfreastalaíonn ar imeachtaí Gaeilge de ghnáth agus go léireoidh sé go bhfuil áit sa saol comhaimseartha Gaeilge do gach duine.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.