Mórcheiliúradh i Halla na Cathrach agus Raidió Fáilte fiche bliain faoi bhláth

Beidh pobal Raidió Fáilte agus aíonna ó shaol na Gaeilge ag teacht le chéile i Halla na Cathrach, Béal Feirste, anocht, Dé hAoine, 11 Meán Fómhair, chun fiche bliain de chraoladh faoi cheadúnas raidió pobail Ofcom a cheiliúradh.

Is é “Fiche Bliain faoi Bhláth” teideal na mórócáide, a chuirfidh clabhsúr ar thréimhse cheiliúrtha 18 mí i stair an stáisiúin Ghaeilge. Cuireadh tús leis an tréimhse sin i mí an Mhárta 2025 le Fréamhacha, ócáid a chomóradh 40 bliain ón gcéad chraoladh a rinne Raidió Fáilte ar Lá Fhéile Pádraig 1985.

Díreofar ag ócáid na seachtaine seo ar an athrú mór a tháinig ar an stáisiún sna blianta 2004 agus 2005, nuair a d’aistrigh sé ó bhonn deonach go seirbhís níos gairmiúla le foireann lánaimseartha. Bhí an fhorbairt sin faoi stiúir Fhergus Uí Ír agus Mháire Nic Fhionnachtaigh, in éineacht le hEoghan Ó Néill, bord, foireann agus pobal an raidió.

Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Cillian Breatnach, gur deis iontach a bheidh san ócáid “mórphobal an raidió a tharraingt le chéile” agus ceiliúradh a dhéanamh ar thréimhse chinniúnach a mhúnlaigh Raidió Fáilte mar atá sé inniu.

Dúirt sé nár cheart dearmad a dhéanamh ar bhunaitheoirí an stáisiúin sna 1980í, ar tugadh aitheantas dá gcuid saothair ag ócáid Fréamhacha anuraidh. Ag an gceiliúradh seo, áfach, tabharfar aird ar leith ar an obair a rinneadh chun Raidió Fáilte a thabhairt go leibhéal gairmiúil agus bonn níos láidre a chur faoin tseirbhís.

Le breis agus cúig bliana anuas, faoi bhainistíocht Bhreatnaigh, tá caibidil nua tosaithe ag an stáisiún. Dúirt sé go bhfuil an fhoireann ag tógáil ar obair na ndaoine a tháinig rompu agus ag iarraidh a chinntiú go leanfaidh Raidió Fáilte air “ag fás, ag foghlaim agus ag forbairt” ar mhaithe leis an bpobal.

Bronnadh ceadúnas raidió pobail Ofcom ar Raidió Fáilte agus cuireadh tús oifigiúil leis an gcraoladh ar 15 Meán Fómhair 2006. Tiocfaidh síneadh deich mbliana ar an gceadúnas i bhfeidhm an mhí seo, ón 15 Meán Fómhair 2026 go dtí an 14 Meán Fómhair 2036, rud a thabharfaidh cinnteacht don stáisiún don tréimhse atá romhainn.

Craolann Raidió Fáilte do mhórcheantar Bhéal Feirste ar 107.1 FM agus ar fud an domhain ar líne. Tá seachtar fostaithe lánaimseartha agus triúr páirtaimseartha aige, mar aon le thart ar 30 craoltóir deonach agus Bord Stiúrtha deonach. Faigheann sé tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge.

Beidh An Páipéar i lathair agus beidh neart againn ón imeacht in eagrán na seachtaine seo chugainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.