Aoife Granville
Ainmnithe do colúnaí na bliana do Ghradaim Cumarsáide 26

Tá deireadh an fhómhair tagtha chugainn. Tá an oíche ag bailiú isteach chugainn níos luaithe agus sinn ag ullmhú, ar shlí amháin nó slí eile, don gheimhreadh amach romhainn. Go traidisiúnta, agus daoine ag druidim i dtreo an tséasúir dhorcha in Éirinn, ó Oíche Shamhna go hImbolc, bhíodh obair ar leith ar siúl chun bheith ullamh chuige. Bhíodh obair ar an talamh le críochnú agus ainmnithe le bailiú isteach roimh Oíche Shamhna. Is mar sin atá sé inniu chomh maith i bhformhór fheirmeacha na tíre agus beostoc a thábhairt isteach go dtí na botháin. Tá eisceachtaí beaga sna háiteanna ina gcleachtann feirmeoirí buailteachas geimhridh, Boirinn agus Oileáin Árainn, mar a bhfágtar ainmhithe amuigh don tréimhse dhorcha, de bhárr na haolchloiche carstaí atá sna ceantair sin. 

An chailleach

Is é atá i gceist leis an gcailleach, sa chás seo, ná an phunann dheireanach eorna, arbhair nó choirce bailithe isteach ón bhfomhar. Siombail an-tábhachtach is ea an chailleach seo a chinntíonn deireadh an fhómhair i gceart. Tagann an t-ainm ón gCailleach féin, bandia an gheimhridh. I scéalta áirithe a bhaineann leis an am seo bliana is minic go n-iompaítear an Chailleach ina giorria agus tugann sí sciuird ó thigh go tigh sa cheantar go dtí go mbíonn an fheirm nach raibh an chailleach dheireaneach bainte go fóill sroichte aici. Bíonn ar an bhfeirmeoir sin aire a thabhairt don chailleach don gheimhreadh ar fad agus na comharsana ar fad ag caint ar cé chomh leisciúil is a bhí an té sin!

In áiteanna áirithe in nDún na nGall glaoitear an giorria ar an bpunann dheireanach sin agus véarsa deas a bhíodh á chanadh ag daoine ansin agus an giorria sin bainte: 

Tá an giorria gaibhte faraor,
Tá an giorria gaibhte faraor,
Le cuidiú an Rí beidh bia na bliana go fairsing agus sách

In áiteanna eile bhíodh an véarsa seo agus píosa beag spraoi bainteach leis gan dabht: 

Tá an chailleach ag (ainm an té a bhain)
Is í a ghrá agus a mhíle stór
Bhain sé í agus shábháil sé í
Agus ní bheidh sé ag iarraidh póir

Uaireanta fágadh cúram bhaint na caillí nó an ghiorria don té is óige sa tigh, uaireanta eile an té i gceannas ar an bhfeirm agus tuiscintí ann mura mbainfeá i gceart an chailleach go mbeadh mí-ádh ort don gheimhreadh. Uaireanta bheadh cleasanna á n-imirt ar an té a bhain an chailleach ar nós uisce a dhoirteadh orthu. 

Cé go nglaoitíí ‘féil searra’ ar an gcóisir a bhíodh acu i gContae Ros Comáin le ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh an fhómhair, glaoití ‘an clabhsúr’ air i gCorca Dhuibhne. Clabhsúr ar an séasúr, uirlisí feirme curtha i leataobh, an chailleach bailithe isteach go doras an tuí agus béile ullmhaithe do na hoibrithe ar fad. Bhíodh steaimpí, déanta as na prátaí a bhí bainte go deireanach, an-chomónta an oíche seo. Ceann de na tiúineanna is comónta sa traidisiún ceoil is ea Féasta an Fhómhair agus sin a ghlaodh daoine áirithe ar an gcóisir seo chomh maith. Bhíodh ‘snaidhmeanna an fhómhair’ uaireanta á dhéanamh an tráthnóna seo leis agus cé go bhfuil baint ag an nós le tús an fhómhair i dtaobh cúrsaí grá, chaitheadh daoine na snaidhmeanna don chóisir seo agus píosa beag áidh bainteach lena gcaitheamh. Choimeádtaí an chailleach go dtí Oíche Fhéile Bríde. Uaireanta dheineadh daoine crosanna Bhríde le cuid de ach in an-chuid áiteanna dhóidís an chailleach chun an séasúr nua a fhógairt agus slán a fhágaint leis an ngeimreadh. 

Cé go mbíonn an-bhéim againn ar an tSamhain agus na nósanna a bhaineann leis an am sin bliana, tá nósanna Dheireadh Fomhair eile ceangailte le sinn féin a ullmhú don gheimhreadh, jabanna a fháil déanta agus bia a fháil isteach. Idir aonaigh thraidisiúnta ag tús na míosa go hoilithreachtaí ar thobair bheannaithe Naomh Cuan ar an 15 Deireadh Fomhair, Naomh Cuimín ar an 13ú Deireadh Fómhair agus Naomh Colmán ar an 29 Deireadh Fómhair, atá fós an-tabhachtach do phobail éagsúla, tá an mhí lán d’ócáidí ceiliúrtha éagsúla. 

Agus mar fhocal scoir, is comónta an tuiscint nár cheart sméara dubha a ithe tar éis Oíche Shamhna mar go mbeadh an púca tar éis a mhún a dhéanamh orthu, na síoga tar éis rince orthu nó an diabhal tar éis rud éigint eile nách deas a dhéanamh orthu. Tuigeann daoine áirithe nár cheart na sméara a ithe tar éis Lá Fhéile Micheál, an 29 Meán Fómhair. Ar chomhairle ón mbéaloidiseor Aedín Ní Thiarnaigh cúpla seachtain ó shin, chuireas an ghabháil dheireanach de na sméara dubha a bhí agam féin i bposóid dheas le fuisce agus siúcra agus deir Aedín liom go mbeidh sé deas um Nollaig do mo scailtín agus tá súil agam nach rachaidh an púca in aice leis idir an dá linn!


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.