Líonra Alumni Gaelbhratach ag spreagadh daoine óga chun leanúint leis an nGaeilge

Cóilín Duffy
Ainmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26

Tá Gaelbhratach ag tabhairt cuireadh d’iarscoláirí a bhí páirteach i gCoistí Gaelbhratach ina gcuid scoileanna clárú le líonra Alumni Gaelbhratach, tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chothú agus naisc a choinneáil idir glúnta éagsúla daltaí.

Tabharfaidh an líonra deis d’iarchomhaltaí leanúint lena gcuid Gaeilge a úsáid agus a fhorbairt, bualadh le daoine nua, scileanna a fhoghlaim agus deiseanna gairme a fhiosrú. Beidh deis acu freisin tacú le daltaí atá páirteach sa scéim faoi láthair.

Ag labhairt le An Páipéar dúirt Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach, gur tháinig an tionscnamh chun cinn de bharr an tionchair fhadtéarmaigh atá ag an scéim ar dhaoine óga.

“Táimid iontach bródúil go bhfuil Gaelbhratach ar an bhfód fada go leor anois gur minic dúinn a bheith ag bualadh le múinteoirí sna scoileanna a bhí páirteach mar dhalta ina scoil féin lá den tsaol,” a dúirt sí.

Mhínigh sí go bhfuil go leor iarscoláirí anois ag cur na Gaeilge chun cinn ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta agus gairmiúil, agus gur spreag na scéalta sin forbairt an líonra alumni le blianta beaga anuas.

Ó bunaíodh Gaelbhratach sa scoilbhliain 2012/13, tá fás suntasach tagtha ar an scéim. Bhain 397 scoil Gaelbhratach amach in 2025/26, agus tá breis agus 500 scoil cláraithe don scoilbhliain reatha, 2026/27, le breis agus 223,000 dalta páirteach.

Tá 30% de mheánscoileanna ó dheas páirteach sa scéim anois, dul chun cinn a deir Ní Bhraonáin a tháinig de bharr tacaíocht bhreise ó mhaoinitheoirí.

Dar léi, cuirfidh Alumni Gaelbhratach ar chumas na heagraíochta aird níos leithne a tharraingt ar obair na scoileanna agus eiseamláirí a chur os comhair daltaí.

“Tugann Alumni Gaelbhratach deis breise dúinn na scéalta seo a thabhairt chun solais, tuilleadh scoileanna a spreagadh agus a léiriú do dhaltaí go bhfuil go leor bealaí éagsúla ann chun leanúint leis an nGaeilge agus í a úsáid ina saol laethúil,” a dúirt sí.

Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn, le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, ón gCrannchur Náisiúnta, ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Oideachais agus Óige.

Is féidir le hiarchomhaltaí a spéis sa líonra a chlárú ag https://bit.ly/alumni-gaelbhratach

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.