Féile nua Ghaeilge le ceiliúradh i gContae Laoise roimh Oíche Shamhna

Cóilín Duffy
Ainmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26

Beidh féile nua Ghaeilge ar siúl i gContae Laoise níos déanaí an mhí seo, agus clár imeachtaí trí lá beartaithe chun teanga, stair, béaloideas agus traidisiúin na Samhna a cheiliúradh.

Reáchtálfar Féile na Samhna i bPort Laoise ón Aoine, 23 Deireadh Fómhair, go dtí an Domhnach, 25 Deireadh Fómhair, faoi stiúir Chumann Gaelach Laoise, craobh áitiúil Chonradh na Gaeilge.

Is í seo an chéad bhliain den fhéile, a mbeidh cainteanna, ceardlanna, turais threoraithe, ceol agus imeachtaí teaghlaigh mar chuid di.

Dúirt cathaoirleach Chumann Gaelach Laoise, Siobhán Uí Chuinn, gurb é príomhaidhm na féile deiseanna taitneamhacha a chruthú don phobal an Ghaeilge a úsáid.

“Is í príomhsprioc na féile ná imeachtaí pobalbhunaithe, spéisiúla a chur ar fáil i mbealach taitneamhach as Gaeilge,” a dúirt sí.

“Tá an fhéile oiriúnach do gach duine a bhfuil spéis acu sa teanga, is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa thú.”

Cuirfear tús leis an bhféile oíche Aoine ag 7pm in Ionad an Pharóiste i bPort Laoise, áit a dtabharfaidh Dearbhla Ní Dhuinn, múinteoir iar-bhunscoile as Móinteach Mílic, caint faoi logainmneacha Laoise.

Déanfaidh sí iniúchadh ar stair agus ar thábhacht chultúrtha logainmneacha an chontae, chomh maith lena gceangal leis an tírdhreach áitiúil.

Beidh an ócáid saor in aisce, ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.

Díreofar ar pháistí faoi naoi mbliana d’aois agus a dtuismitheoirí maidin Dé Sathairn, nuair a bheidh ceardlann Scéalta agus Cheoil ar siúl in Ionad Ealaíon Dhún Másc ó 11 am go 12.30 pm.

Is í Julie Anne de Brún, múinteoir bunscoile as Gaillimh, a bheidh i mbun na ceardlainne, ina mbeidh scéalaíocht, amhránaíocht, ceol agus damhsa trí Ghaeilge. Beidh fáilte roimh pháistí feisteas Oíche Shamhna a chaitheamh.

Ag 6 pm an tráthnóna céanna, tabharfaidh an scríbhneoir Gaeilge Réaltán Ní Leannáin caint faoi bhéaloideas na hÉireann agus faoi fhéilte Ceilteacha, agus béim ar leith ar nósanna agus ar thraidisiúin ársa na Samhna.

Leanfar leis an bhféile Dé Domhnaigh ag 2.30 pm le turas treoraithe Gaeilge ar Theach Ioma, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Tabharfaidh an turas deis do chuairteoirí stair agus oidhreacht an tí stairiúil a fhiosrú trí mheán na Gaeilge. Beidh cead isteach saor in aisce, ach beidh áirithint riachtanach.

Cuirfear clabhsúr leis an bhféile oíche Dé Domhnaigh le hOíche Cheoil agus Comhrá i dteach tábhairne Tadhg Óg, ar a dtugtaí Hume’s, i bPort Laoise, ó 8pm go 10pm.

Beidh ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus comhrá ann, agus spreagtar lucht freastail uirlisí ceoil a thabhairt leo.

Eagraíonn Cumann Gaelach Laoise cruinnithe rialta Caife agus Comhrá gach dara Satharn in Ionad Ealaíon Dhún Másc, chomh maith le tob-Ghaeltacht míosúil.

Dúirt rúnaí an chumainn, Tommy Mulligan, nach mbíonn aon “phóilíní gramadaí” ag a gcuid imeachtaí agus go gcuirtear fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais agus sonraí áirithinte ar fáil ag linktr.ee/Cnag_laoise, nó trí ríomhphost chuig cumanngaelachlaoise@cnag.ie.

Beidh imeacht teaghlaigh dátheangach eile, Laois Pumpkin Patch, á reáchtáil ag CLG Cluain Fhada an deireadh seachtaine céanna, agus fáilte roimh Ghaeilge agus Béarla ag an ócáid. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó @laoispumpkinpatch ar Instagram agus Facebook. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.