Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair

Cúrsa suathaireachta leanaí
Fóirsteanach do leanaí 0-10 mí d’aois
Cúrsa 5 seachtaine
Gach Aoine 11 am, ó 16 Deireadh Fómhair go 13 Samhain
Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh
Táille €50
Eolais agus clárú le oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Scéalaíocht agus Lego
Dirithe ar pháistí bunscoile.
5 pm
Halla Naomh Bríd, Leitir Mhic an Bhaird
Eolas agus clarú le sile@tuismitheoiri.ie, 085-2198747
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Seoladh leabhair, Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 le John Walsh
Á sheoladh ag Gormfhlaith Ní Thuairsg
6 pm
An Téatar, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht mar ócaid de chuid den Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

Dé Sathairn an 17 Deireadh Fómhair

Ceardlann Amhránaíochta do pháistí X Tae agus Play
10 am
Gaelscoil Bharra, an Chabrach, BÁC
Mar chuid d’Fhéile Splanc
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge BÁC 7

Club Gaeilge do theaghlaigh
Páistí 4-12 bliana d’aois
Meán lae go 1 pm
Ionad Pobail Uachtar Ard, H91 XA8R
Ealaín, ceardaíocht agus imeachtaí eile trí Ghaeilge!
Eolas ag aoifenic@glornangael.ie
Arna eagrú ag Glór na nGael

Siamsán na Samhna
Ealain, ceol agus cuideachta
3 pm
Ionad Thráigh an Locha, Fánaid
Eolas agus clárú le oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Réabh Bóihéimeach Gaelach
Seomra Trad, Seomra Teicneo
Ceoltóirí Seán Garvey, Kate McHugh, Lucia McPartlin + DJ’s Curnán agus Rhyzine
Doirse ag 8
An Cumann Peile, Bóihéamach, D07 YXW0
Eolas agus ticéid ag https://www.tickettailor.com/events/craobhchonradhnagaeilgebailethacliath7/2432537
Mar chuid d’Fhéile Splanc
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge BÁC 7 le tacú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Clár Éire Ildánach agus Foras na Gaeilge

Dé Domhnaigh an 18 Deireadh Fómhair

Siúlóid sléibhe mheánach, Gleann Molúra, Mullaigh Mhór, an Chuileanntrach

Fad 15 km, dreapadh 550 m… 5 uair an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe ar Shráid Mhic Liam Íochtarach os comhair seanoifigí BSL, Halla Clifton, Éirchód D02 XP89
Ag imeacht ag 9.30 am go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide i gcarrchlós Lóiste Ghleann Molúra
Tagairt eangaí T 107 909 nó N52.9575, W6.3537.
Éirchód A67 WF65
Bí ann ag 10.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11 am
Treoraí Breandán
Chun tuilleadh eolais a fháil nó síob go dtí tús na siúlóide a shocrú, téigh i dteagmháil le cnocadoiri@yahoo.com
Treoracha go dtí tús na siúlóide, ag teacht ó Bhaile Átha Cliath lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 i dtreo R755 agus an Tóchair. Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23 km sa Láithreach, cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4 km gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km ag Gleann Molúra cas ar chlé agus beidh an carrchlós ar do thaobh deas.
Trealamh agus feisteas, bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: https://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de aa Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile, eg neasghaol lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Ióga trí Ghaeilge
Le hAisling Ní Mhóráin
11 am go meán lae
Conradh na Gaeilge, Inse Chór, BÁC
Eolas ag 087-1737512 nó @harmonyinflow ar Instagram

Ag spaisteoireacht sa gCladach
Do theaghlaigh agus gasúir in aois bhunscoile
1 pm
Trá an Dóilín, an Cheathrú Rua
Eolas agus clárú le erin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198929
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Oíche Ghaelach
Filíocht agus amhránaíocht
le Máire Dinny Wren, Noeleen Ní Cholla agus Colette Ní Ghallchóir
5 pm
Ostán Dillion, Leitir Ceanainn
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn le tacú ó Oireachtas na Gaeilge

Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair

Oíche i gcomhluadar Ola Majekodunmi
Fíle, scríbhneoir, éascaitheoir, léiritheoir agus Gaeilgeoir
7.30 pm
Ionad Seirbhísí Póiblí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn

Arna eagrú ag Club Leabhar an Iarthuaiscirt
Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair
Rang Garraíodóireachta Pobail
2 go 4 pm
Ionad Naomh Pádraig Dobhar, an Bun Beag, Co. Dhún na nGall, F92 EH6N
Arna eagrú ag Ionad Naomh Pádraig Dobhar

Ceardlanna smididh do dhéagóiri le Gemma
7 pm
Ionad Pobail Jim Lynch, Leitir Ceanainn
Clarú ag https://forms.gle/qjszDfjLtbPSSf439
Tuilleadh eolais ó Aisling ar 086-0136579
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn
Cumann na bhFiann Luimneach
Club Gaeilge don aos óg
7.30 go 9 pm
CLG Átháin, V94 EK59
Clarú le www.cnb.ie

Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair

Ná fág rian ceardlann ar Oileán Árainn Mhór
10 am go 4.30 pm
An Chultúrlann, F92 X757
Ceardlann Phobail ag an Dr Bren Whelan
Clarú agus eolas ag Denis ar eolas@arranmoreblueway.com nó 087-3162146

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.