Céad bliain de Choláiste Bhríde le ceiliúradh i Rann na Feirste

Cóilín Duffy
Ainmnithe do dhuais iriseoir na bliana do Ghradaim Chumarsáide 26

Beidh ceiliúradh mór ar siúl i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, an deireadh seachtaine seo, ón 16 go dtí an 18 Deireadh Fómhair, agus Coláiste Bhríde ag comóradh céad bliain ó bunaíodh an coláiste samhraidh sa cheantar.

Tá Coláiste Bhríde ar cheann de na coláistí Gaeilge is sine agus is iomráití sa tír, agus beidh ceolchoirmeacha, léachtaí, taispeántais, seoladh leabhair agus imeachtaí pobail mar chuid den chomóradh trí lá.

Bunaíodh an coláiste in Ó Méith, Co. Lú, in 1912, sular aistrigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh go Rann na Feirste é in 1926, áit a bhfuil na glúnta scoláirí ag foghlaim na Gaeilge ó shin.

Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt Brendan Ó Dufaigh, iarscoláire agus ardmháistir cúrsa le breis agus fiche bliain, go raibh tionchar ollmhór ag an gcoláiste ar fhorbairt na Gaeilge ar fud Chúige Uladh.

“Bhí tionchar millteach mór ag Coláiste Bhríde ar na glúnta de dhaoine i gCúige Uladh,” a dúirt sé, agus é ag tagairt do na scoláirí a d’fhill ar an gcoláiste mar mhúinteoirí agus mar cheannairí.

Thosaigh Ó Dufaigh ag freastal ar an gcoláiste in 1978 agus chaith sé trí bliana ann mar scoláire sular ghlac sé róil éagsúla teagaisc.

Dar leis, ní hamháin gur chuir an coláiste feabhas ar Ghaeilge na scoláirí, ach chruthaigh sé cairdeas buan agus spreag sé daoine óga chun an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga.

Tá an t-éileamh ar chúrsaí fós an-láidir, cé go bhfuil dúshláin ann maidir le lóistín agus freastal ar riachtanais éagsúla na scoláirí.

“An deacracht is mó atá ann anois, níl go leor áiteanna ag Coláiste Bhríde le freastal ar an éileamh. Bíonn liostaí feithimh ann agus ní maith linn a bheith ag cur díomá ar dhaoine,” a dúirt Ó Dufaigh.

Osclóidh an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir an comóradh go hoifigiúil in Áislann Rann na Feirste oíche Aoine. Beidh ceolchoirm mhór ann ina dhiaidh sin, le Clann Mhic Ruairí, Maighréad, Tríona agus Conall Ó Domhnaill, Paddy Glackin agus ceoltóirí aitheanta eile. Déanfar an cheolchoirm a shruthú beo ar Molscéal TG4.

Maidin Dé Sathairn osclófar taispeántas grianghraf agus eagrófar siúlóid threoraithe timpeall an bhaile.

Tabharfaidh Ó Dufaigh léacht dar teideal Lóistéirí agus Scoláirí tráthnóna, sula seolfaidh Feargal Ó Coigligh, Ard-Rúnaí na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a leabhar nua, Ar Theacht an tSamhraidh.

Tá 538 leathanach, 230,000 focal agus 900 pictiúr sa saothar, a thugann léargas cuimsitheach ar stair an choláiste.

Tabharfaidh cathaoirleach an choláiste, Niall Ó Sluáin, léacht freisin ar shaothar an Athar Uí Mhuireadhaigh.

Beidh pléphainéal le hiarmhná tí agus dinnéar comórtha in Óstán Chaisleáin Óir, Anagaire, oíche Shathairn, áit a mbeidh an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ina aoichainteoir.

Craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta Aifreann comhcheiliúrtha beo ón gcoláiste maidin Domhnaigh, agus beidh an tEaspag Emeritus Donal McKeown ina phríomhcheiliúraí.

Cuirfear clabhsúr leis an deireadh seachtaine le taispeántas ó dhá bhuíon ceoil áitiúla, Druma Mór Rann na Feirste agus Buíon Cheoil Rann na Feirste, ar chlós an choláiste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.