Seolann Éire plean intleachta saorga agus tacar sonraí Gaeilge Tobar ag cruinniú mullaigh i mBaile Átha Cliath

Tá clár náisiúnta seolta ag Éirinn chun glacadh le hintleacht shaorga (IS) a luathú lena n-áirítear tacar sonraí Stáit nua don Ghaeilge, agus an cruinniú mullaigh IS Idirnáisiúnta ag oscailt i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an gCéadaoin.

Seachadfaidh an clár Intelligence:Applied, faoin straitéis Éire Digiteach, 35 gníomh go dtí an bhliain 2030 thar téamaí daoine, an geilleagar, an bonneagar agus an t-éiceachóras. Is é an croíphointe atá aige ná clár nua AI Future Skills ar luach €150 milliún i gcóir foghlama ar feadh an tsaoil, mar aon leis an gcéad chéim eile den ardán saor in aisce AIReady.ie, Tascfhórsa Náisiúnta Litearthachta IS agus ionad taighde nua, Rinn AI.

Tobar

I measc na 35 gníomh tá Tobar. Déanann an Rialtas cur síos air mar thacar sonraí Stáit nua a ghabhann an Ghaeilge, an cultúr, an tsainiúlacht agus an traidisiún, a chumasóidh rolladh amach seirbhísí poiblí atá faoi chumhacht IS trí Ghaeilge, agus a thacóidh le forbairt samhlacha móra teanga le cumais teanga agus chultúrtha Gaeilge faoi 2030.

Tugann an t-ainm le fios go bhfuiltear ag iarraidh foinse bhunúsach sonraí a thabhairt don teanga d’intleacht shaorga. Ceanglaíonn sé leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus leis an sprioc go mbeidh 20% de dhaoine a earcaítear san earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030. Áirítear ar an obair atá ann cheana féin teicneolaíochtaí cainte ABAIR Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ní fios go fóill cén nasc a bheidh ag Tobar leis a leithéid de Corpas.ie

I measc na mbeart eile sa chlár tá Luasaire Gnóthais Nua IS €21 milliún, bosca gainimh rialála do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ó 2027, cumas comhroinnte IS don earnáil phoiblí agus bunachar sonraí Eircode a oscailt ar an tairseach Sonraí Oscailte.

Is é an cruinniú mullaigh ar intleacht shaorga príomhimeacht Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus osclaíonn sé Mí Nuálaíochta IS na hEorpa, a rithfidh ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Bhruiséil ar 17 Samhain faoin téama ‘Úsáid a bhaint as IS chun Iomaíochas na hEorpa a Athrú ó Bhonn’. 

Cainteoirí 

Ag oscailt an imeachta dó, dúirt Micheál Martin go raibh Éire ar thús cadhnaíochta i ngach tonn teicneolaíochta le scór bliain anuas agus go mbeadh sí amhlaidh don cheann seo freisin. D’fhógair sé fóram nua faoin Fóram Geilleagrach Réitigh Saothair chun tionchar IS ar obair a scrúdú.

Thug Demis Hassabis, comhbhunaitheoir agus cathaoirleach ar Google DeepMind a deimhníodh mar phríomhchainteoir ag an gcruinniú mullaigh, rabhadh go mba cheart déileáil le heachtraí haiceála le déanaí mar rabhadh luath.

“Is dóigh liom gur urchair rabhaidh luatha dúinn iad [na heachtraí seo] go léiríonn nach bhfuil na córais chomh cumhachtach sin fós, agus mar sin nach bhfuil na heachtraí chomh mór sin” a dúirt Hassabis leis an gcruinniú. Dúirt sé go raibh go leor oibre le déanamh chun na cleachtais is fearr a ghlacadh ón mbitheolaíocht agus ón earnáil núicléach agus go mbeadh gá le comhlacht caighdeán idirnáisiúnta sa deireadh.

Tháinig Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Choimisiún na hEorpa Henna Virkkunen agus leaschathaoirleach Microsoft Brad Smith leis, ag iarraidh go mbeadh caighdeáin sábháilteachta fíor agus éifeachtacha ann.


Nóta don léitheoir:

Coinnítear ainmneacha branda an chláir i mBéarla sa scéal seo mar nach bhfuil aon leagan oifigiúil Gaeilge foilsithe ag an Rialtas go fóill ar gov.ie. Nuair a roghnaítear an leagan Gaeilge den suíomh taispeántar an leagan Béarla.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.