Tar éis don Aontas Eorpach smachtbhannaí a ghearradh ar an saoránach Éireannach Chay Bowes seachtain agus an Luan seo caite, tá an chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil an tAontas ag tuairteáil i dtreo an údarásaíochais, díreach an cineál údarásaíochais a chuireann siad i leith a naimhde Rúiseacha. Shínigh an Coimisinéir Gnóthaí Eachtracha agus Slándála Kaja Kallas thar ceann an Aontais Eorpaigh an t-ordú smachtbhannaí seo tar éis iarratas ó Rialtas na hÉireann le linn mórchruinnithe an Aontais Eorpaigh a bheith óstáilte acu coicís ó shin, mar atá soiléir anois.
Cé nár ainmnigh an Taoiseach Micheál Martin Chay Bowes go sonrach, rinne sé cosaint ghinearálta ar pholasaí an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí a ghearradh ar dhaoine aonaracha nó ar eagraíochtaí a mheastar a bheith ceangailte le hiarrachtaí bolscaireachta nó mí-eolais de chuid stát na Rúise. Dúirt an Aire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee an méid céanna, cé nár luaigh sí Chay Bowes go sonrach.