Tá feachtas earcaíochta náisiúnta seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) chun 3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh a earcú le cuidiú le Daonáireamh 2027 a chur i gcrích.
Beidh deis ag na daoine a cheapfar breis agus €3,000 a shaothrú as obair pháirtaimseartha ina bpobail áitiúla thar thréimhse ocht seachtaine i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine an bhliain seo chugainn.
Beidh na hoifigigh ag obair 18 n-uair an chloig sa tseachtain agus beidh solúbthacht acu maidir lena gcuid uaireanta oibre.
Tiocfaidh na hOifigigh Tacaíochta Allamuigh in áit na n-áiritheoirí daonáirimh traidisiúnta mar chuid d’athruithe suntasacha ar an gcaoi a reáchtálfar an daonáireamh an bhliain seo chugainn.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!