D’fhreastail na mílte daoine ar agóid le tacaíocht a léiriú don ghlas triarach Dé Sathairn i mBaile Átha Cliath. Dúirt lucht eagraithe an mhórshiúil go raibh siad ag iarraidh neodracht na hÉireann a chosaint
Thosaigh an agóid ag an nGairdín Cuimhneacháin ag a dó a chlog. Sheol Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal seachas Brabús-Dlúthpháirtíocht, an Comhaontas Glas agus Aontú ionadaithe chuig Sráid Parnell i mBaile Átha Cliath. Conradh Neodrachta na hÉireann a d’eagraigh an agóid.
Tá siad ag éileamh ar an rialtas seasamh siar ón bplean an glas triarach a athrú, mar creideann siad go gcuirfeadh sé neodracht na tíre i gcontúirt. Séanann an rialtas an maíomh seo.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!