Dalta as Tiobraid Árann ag iarraidh níos mó béime ar an nGaeilge labhartha

Daithí Ó Grádaigh leis an Ombudsman do Leanaí an Dr Niall Muldoon

Tá dalta Idirbhliana as Contae Thiobraid Árann, Dáithí Ó Gradaigh, ag iarraidh go gcuirfí níos mó béime ar labhairt na Gaeilge sa chóras oideachais, seachas an oiread sin airde a dhíriú ar an ngramadach agus ar scríobh aistí.

Bhí Dáithí, atá ag freastal ar Ghaelcholáiste Chéitinn i gChluain Meala, i measc na gcainteoirí ag ócáid Child Talks, a d’eagraigh Oifig an Ombudsman do Leanaí ar Lá Domhanda na Leanaí, Dé hAoine seo caite.

Labhair sé os comhair na mílte duine faoin tionchar dearfach atá ag an nGaeilge ar a shaol agus faoin tábhacht a bhaineann le daoine óga a spreagadh chun an teanga a úsáid.

Ag labhairt dó le An Páipéar i ndiaidh na hócáide, dúirt Dáithí gur theastaigh uaidh a thaithí phearsanta ar an nGaeilge a roinnt le daoine eile.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach dom. Sin an fáth ar chuir mé isteach ar Child Talks chun mo scéal a insint. Tá sé an-tábhachtach na rudaí dearfacha faoin nGaeilge a scaipeadh i measc daoine óga,” a dúirt sé.

Ba í a sheanmháthair, Kitty, a spreag a shuim sa teanga ar dtús agus é trí nó ceithre bliana d’aois. Mhúin sí focail agus frásaí simplí Gaeilge dó agus é ar cuairt ar a teach.

D’fhreastail Dáithí ar naíonra agus ar Ghaelscoil Chluain Meala ina dhiaidh sin, sular roghnaigh sé leanúint lena chuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal.

Creideann sé, áfach, gur gá athrú a dhéanamh ar an gcur chuige maidir le múineadh na teanga chun go mbeidh níos mó muiníne ag daoine óga as a gcumas í a labhairt.

“Tá an tslí a múineann na múinteoirí an Ghaeilge róbhunaithe ar an ngramadach agus ar aistí a scríobh.

“Tá an ghramadach tábhachtach freisin, ach tá na ranganna Gaeilge bunaithe ar aistí nó ar an ngramadach agus níl siad bunaithe ar an nGaeilge a labhairt.”

Cé go mbíonn sé ag úsáid na Gaeilge gach lá ar scoil agus go labhraíonn sé beagán Gaeilge lena mháthair sa bhaile, dúirt Dáithí nach mbíonn mórán deiseanna aige an teanga a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais.

Tá éachtaí suntasacha bainte amach ag an Tiobraideach i saol an spóirt freisin. Tá dhá bhonn buaite aige ag leibhéal an domhain sa bhoghdóireacht, chomh maith le bonn cré-umha ag leibhéal na hEorpa.

Tá sé ina bhall de chlub boghdóireachta Ghaltaí agus beidh sé ag glacadh páirte i gcomórtais náisiúnta faoi dhíon le linn mhíonna an gheimhridh.

Mar chuid dá chuid oibre san Idirbhliain, tá mionchomhlacht bunaithe aige freisin, trína bhfuil bandaí láimhe ar a bhfuil nathanna cainte á ndíol aige, agus roinnt frásaí Gaeilge ina measc.

Agus é ag machnamh ar a thaithí ag Child Talks, d’admhaigh Dáithí go raibh sé beagáinín neirbhíseach sula ndeachaigh sé ar an stáitse, ach gur tháinig suaimhneas air a luaithe a thosaigh sé ag caint.

Léirigh a chuid cainte an tábhacht a bhaineann le héisteacht le tuairimí daoine óga agus le deiseanna a chruthú dóibh an Ghaeilge a úsáid mar theanga bheo chumarsáide, ar scoil agus sa phobal araon.