Léirmheas: Asterix agus na Cruithnigh

Mar leaid óg, chuir mé an-spéis in eachtraí Asterix agus ba mhinic go mbínn ag bualadh isteach ar an leabharlann áitiúil leis an leabhairín is déanaí sa sraith a fháil ar iasacht. Nach iontach go bhfuil 25 eagrán foilsithe anois i nGaeilge agus caithfear a rá go bhfuil a draíocht féin i dteanga na nGael.

Le linn m’óige bhí báúlacht cothaithe agam leis an charachtar agus a mhuintir ar imeall na hEorpa timpeallaithe ag fórsaí impireacht mhór na Róimhe. Tá an sráidbhaile ina bhfuil siad mar chrá chroí ag an gConcas Rómhánach sa Ghaill in iarthuaisceart na Mór-Roinne. Cad chuige nach mbeadh Gaeil na hÉireann báúil leo?

Tá beocht úr-nua tugtha d’Asterix i láthair na huaire. Nach iontach an rud é go bhfuil eachtraí úrnua ag tarlú i rith an ama. Níl aon amhras ach go bhfuil lucht léitheoireachta nua-aoiseach cruthaithe i measc na nGael sna eagráin is déanaí seo. Cé go bhfuil scéalta Asterix lonnaithe timpeall na bliana 50 RCh, is cinnte nach ndeachaigh an tsraith as faisean thar na blianta óir tá tarraingt chomhaimseartha ar a leithéid i gcónaí. Tá thart ar 350 milliún cóip díolta ar fud na cruinne i 110 teangacha éagsúla.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!