An uair dheireanach rinneadh cur síos ar Bhuachaillí Bána oirdheisceart Thiobraid Árann idir 1802 agus 1805. Dream iad seo a tháinig ó aicme na gcoiteoirí agus an lucht oibre tuaithe. Bhí an ropaire mór le rá Caravat Hanley i bhfeighil ar dhream acu ar ar glaodh Rainseirí na Maoile. Bhí aithne air sa cheantar de bharr an charbhait dheirg a chaith sé.
Bhí dream Uí Áinle, na Carbhait in adharca le dream ar a nglaoití na Seanveisteanna, a raibh Paudeen Gar Ó Conchubhair mar cheann feadhna orthu. Is dócha gur galldú é “Gar” ar an bhfocal Gaeilge “géar”; duine a bhí duairc nó glic. Ba é bunús sóisialta Paudeen Gar’s Boys an dream feirmeoirí sin a bhí níos compordaí agus a bhí á n-ionsaí ag na Buachaillí Bána.
I measc Buachaillí Pháidín Ghéir bhí leithéidí Phádraig Uí Sé, feirmeoir saibhir agus grabálaí talún a raibh droch-cháil amach air, fear dar sloinne Ó Gríofa a bhí ina fheirmeoir agus a mharaigh Ó hÁinle, feirmeoir eile darb ainm Stiofán de Bláca, agus roinnt póilíní bóthair de chuid na meánaicme a raibh de chúram orthu dul ar patról ar na bóithre istoíche. Bhí Ó Conchubhair féin ina phóilín bóthair chomh maith, agus b’fheirmeoir mór agus tábhairneoir é lena ais sin. Bhí sé de nós aige sean-bhástchóta a chaitheamh, agus is as sin a tháinig an faicsean ar a raibh sé i gceannas, na Seanveisteanna. Meastar go raibh an bástchóta ina chomhartha ar rachmas Uí Chonchubhair.
Tháinig an dá fhaicsean chun cinn in 1806. I mí Mheán Fhómhair bhí tuairiscí ann faoi throideanna idir an dá dhream agus tuairiscíodh gur glacadh mionn rúndachta nua i gceantar fairsing idir oirthear Luimnigh, deisceart Thiobraid Árainn agus oirthear Phort Láirge. Is modh na gCarbhat a bhí i gceist, agus laistigh de roinnt seachtainí tháinig borradh faoin bhforéigean i gcoinne na bhfeirmeoirí agus robáladh an post ag Baile Uí Chléireacháin. Faoi 1808 bhí an ghluaiseacht tar éis scaipeadh chomh fada soir le Cill Chainnigh. Ba é feidhmiú an mhargaidh talmhaíochta an chnámh spairne ba mhó ag na Carbhait agus dá bharr sin bhí siad gníomhach den chuid is mó thart ar na bailte a raibh tionsclaíocht agus margaí talmhaíochta iontu. Ba anseo a bhí an talamh ba luachmhara agus na cíosanna is airde.
Tá níos lú eolais ann faoi na Seanveisteanna. Deir an staraí Paul Roberts gur bunaíodh iad ar iarsmaí de na hÉireannaigh Aontaithe sa réigiún seo, gur “eagraíocht náisiúnach” a bhí iontu agus go raibh sé i gceist ag Paudeen Gar páirt a ghlacadh in éirí amach dá mba rud é gur tháinig na Francaigh i dtír. Bheinn féin in amhras faoin gcodarsnacht lom seo idir na Seanveisteanna (náisiúnaigh den mheánaicme) agus na Carbhataí (lucht oibre gan spéis acu sa náisiúnachas).
Tá sé le feiceáil i measc staraithe eile a scríobh le linn na mblianta a raibh Roberts ag cur peann le pár sna 1970í agus 1980í go raibh tuiscint choimeádach ann a chreid nach bhféadfadh an lucht oibre gan oideachas a bheith báúil le smaointe forbartha ar nós an náisiúnachais. Mar sin féin, admhaíonn Roberts “gur bunaíodh buíonta de na Seanveisteanna ar ball mar fhreagra díreach ar ghníomhartha na gCarbhat”. Is é sin le rá gur freagra aicmeach den chuid is mó a bhí iontu.
Ba iad na Seanveisteanna an dream ba laige den dá fhaicsean, agus bhí sé de nós acu na troideanna a chailleadh. Ní haon ionadh é seo. De bharr gurb as na bochtáin a tháinig na Carbhait bhí i bhfad níos mó acu ann. Tharla na troideanna ag na haontaí de ghnáth i rith na mblianta 1806 go 1811, agus i bPort Láirge sna blianta 1807 go 1808 agus Iarthar Chill Chainnigh in 1810 go háirithe. Míneofar an chéad uair eile faoi na cineálacha airm a d’úsáidí sna troideanna seo agus pléifear gnéithe eile a bhain leo.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.