Eddie Hutchinson.
Grianghraf: Sheán Mac a tSíthigh

Cé go bhfuil báid éagsúla againn sa traidisiún in Éirinn, ag fás aníos i gCorca Dhuibhne dom ba é an naomhóg an ceann ba thábhachtaí ar fad ar fad. Bád iontach láidir álainn atá mar chuid den tírdhreach againn dáiríre. An saghas báid céanna a mbíodh mo sheanathair, Seán Mhaidhc, ag iascach ann amach ó Ché Dúinín. An bád gur scríobh Pádraig Mac Piarais fé in Oró mo Bháidín agus go raibh muintir an Bhlascaoid fé dhraíocht chomh mór aige gur scríobh Seán Ó Duinnshléibhe an t-amhrán Beauty Deas an Oileáin a chuireann síos ar bhua mór na mBlascaodach i Regatta Fhionn Trá ar Beauty, bád a thug an svae léi i gcoinne fóirne áitiúla eile in 1880.  

Tá leaganacha éagsúla den naomhóg, nó currach, ar an gcósta thiar againn ó Thír Chonaill go Corcaigh agus stíl áitúil orthu ar fad. Báid is ea iad atá in oiriúnt dá dtimpeallacht féin agus iad in ann déileáil le láidreacht agus fiantás an Atlantaigh. Bhíodh naomhóga in úsáid ar na haibhneacha chomh maith gan dabht, cosúil le Currach na Bóinne. Bhíodh an saghas sin báid in oiriúnt do na haibhneacha le dul ag iascach iontu sin. Bhíodar déanta as slata caola coill agus seithe ainmhí agus iad deas éadrom chun sleamhnú ar an uisce éadomhain. Is minic a chuimhním ar ár sinsir agus an tuiscint dhomhain a bhí acu ar an timpeallacht chomh maith le cé chomh cruthaitheach is a bhíodar chun dul i ngleic leis an timpeallacht chéanna sin. Sampla maith is ea na stíleanna éagsúla báid. 

Tá an naomhóg farraige traidisiúnta déanta as adhmaid agus, de réir an scéil, bhí an naomhóg céanna láidir a dhóthain chun Naomh Breandán an Loingseoir a thabhairt ó Chuas na Ceannaine i gCorca Dhuibhne go Meiriceá thiar sa séú haois. Tá cur síos cuimsitheach ar an dturas seo i Laidin i lámhscribhinní ó thart ar an ochtú haois, Navigatio Sancti Brendani Abbatis. Cuirtear síos ní hamháin ar an turas, ach ar dhéanamh an bháid féin agus fiú amháin na huirlisí iarainn a úsáideadh chun é a dhéanamh chomh maith. Rinn Tim Severin aithris ar an turas seo ag deireadh na 1970í agus shroich sé Talamh an Éisc tar éis 4,500 míle ar an bhfarraige. Gan dabht thug criú iontach Naomhóg na dTinte nó Iomramh an Chamino oilithreacht as Éirinn go Santiago de Compostela blianta beaga ó shin. Cé go gcuimhnímid ar na báid seo a bheith in oiriúnt don iascach agus rásaí gairide, is léir go rabhadar in úsáid do thurais níos faide agus níos dúshlánaí ar feadh na gcéadta chomh maith agus fianaise mhaith againn anois air sin.

Is faoi scáth Chnoc Bhréanainn féin atá Eddie Hutchinson lonnaithe agus é tar éis a shaol a chaitheamh ag déanamh naomhóg agus ag cur an rámhaíocht chun cinn i nDúthaigh Duibhneach. Murach é, n’fheadar cén stádas a bheadh ag an naomhóg in aon chor ná an rámhaíocht sa cheantar ach an oiread. Deineann sé naomhóga leis féin uaireanta agus tá an chuma air go dtagann an cheardaíocht go nádúrtha leis, rud a d’fhoghlaim sé óna shinsir nuair a bhí sé ina leaid óg. Is mó naomhóg atá déanta ag Eddie i dteannta daoine eile agus is minic go mbíonn meitheal bailithe isteach timpeall air ag foghlaim uaidh agus ag éisteacht leis. Ó scoláirí idirbhliana go seideanna fear, tá Eddie tar éis suim a mhúscáilt sna báid le fada an lá. Le Cumann Rámhaíochta an Daingin tá an rámhaíocht curtha chun cinn ag Eddie agus a chomhghleacaithe, Maunza Heidkte go háirithe, agus scileanna rámhaíochta agus ceardaíochta tugtha ar aghaidh acu glúin i ndiaidh glúine sa dúthaigh. D’ardódh sé croí éinne na scuainí fada daoine óga a fheiscint i gCuan Dhaingean Uí Chúis, agus iad ar fad ag fanacht chun dul amach i naomhóga le linn shéasúr na rámhaíochta. Bíonn iompróir traidisiúin ag teastáil ó gach traidisiún agus níl aon dabht faoi ach gurb é Eddie an t-iompróir sin maidir leis na naomhóga i nDúthaigh Duibhneach agus nach orainn atá an t-ádh. 

Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.