Aoife Uí Chéide i bpáirt ceantálaí nua i Ros na Rún

Tá aghaidh nua le feiceáil ar shraith drámaíochta TG4, Ros na Rún, agus an t-aisteoir Aoife Uí Chéide, arb as Gaillimh agus Conamara ó dhúchas di, tagtha isteach i gcliarlann na sraithe i bpáirt na mná gnó agus an cheantálaí réadmhaoine, Éabha Ní Dhuinn.

Tá Éabha ina díol spéise ag lucht leanúna na sraithe ó tháinig sí ar an bhfód sa sráidbhaile ficseanúil, áit a bhfuil gnólacht nua ceantálaíochta, An Nead Nua, oscailte aici.

Bean shingil ina daichidí atá in Éabha, nach raibh aon bhaint aici le Ros na Rún roimhe seo. Is bean uaillmhianach, ghairmiúil í atá meáite ar dhul i bhfeidhm ar mhuintir an cheantair agus ar a gnólacht nua a fhorbairt.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!