Cóilín Duffy Tá cáineadh géar déanta ag TINTEÁN, BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge ar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht, a foilsíodh i rith na seachtaine, agus iad ag maíomh go ndéanfaidh na moltaí dochar suntasach do chosaint na Gaeilge agus do sholáthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Tá cruinniú éigeandála á lorg ag na heagraíochtaí…
Tá dáréag cúisithe anois ag Seirbhís Póilíneachta Tuaisceart Éireann Jack Mac Íomhair Bhí fear 29 bliain d’aois os comhair na cúirte, cúisithe as iarracht ar dhúnmharú agus coirlosceadh agus ag cur beatha daoine i mbaol. Baineann na cúisimh atá curtha i leith Christopher McLaughlin, as Céide Devon in Oirthear Bhéal Feirste, le coirloscadh ar theach…

Tá tús curtha go hoifigiúil le huachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh ról lárnach ag an nGaeilge den chéad uair ó bhain sí lánstádas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais in 2022. Is í seo an chéad uachtaránacht ina mbeidh an teanga á húsáid go forleathan i…

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, comhpháirtíocht nua idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le nuálaíocht agus le fás gnólachtaí sa Ghaeltacht agus i gceantair réigiúnacha. Is ardán é Skillnet Innovation Exchange a nascann gnólachtaí beaga agus meánmhéide le comhlachtaí…
Eoin Ó Murchú Tá truailliú ag cur isteach go mór ar líon na mbradán agus na mbreac mara in Éirinn dar le haighneacht ó Chomhairle Slatiascaireachta na hÉireann don Chomhchoiste Oireachtais um Iascach agus Gnóthaí Muirí. Ag cruinniú den chomhchoiste i gcaitheamh na seachtaine dúirt an Chomhairle Slatiascaireachta gurb é an titim shuntasach i líon…

Tá céim mhór chun cinn fógartha ag an rialtas maidir le forbairt an bhreisoideachais agus na hoiliúna i réigiún an iarthair, tar éis do shuíomh stairiúil Dhún Mhistéil i gCaisleán an Bharraigh a cheannach mar áit don choláiste breisoideachais agus Oiliúna nua i Maigh Eo. D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais,…
Cathal Ó Murchú Tá éirí in airde na Síne ag leanúint ar aghaidh gan stad agus gan staonadh i neart réimsí san eacnamaíocht agus anois sa teicneolaíocht, rud nár ceapadh gur féidir tarlú go dtí le déanaí dar leis an gcuid is mó de thráchtairí san Iarthar. Anois tá iomaíocht ghéar gheopholaitiúil agus eacnamaíoch ann…

Seoladh an tuarascáil Grow the Show ag UkeFest 2026 i bPáirc an Athar de Búrca i nGaillimh le déanaí, mar chuid d’iarracht chun tacú le forbairt agus le hinbhuanaitheacht earnáil na bhféilte agus na n-imeachtaí sa réigiún. D’fhoilsigh Scileanna Réigiúnacha an Iarthair an tuarascáil i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Bhí UkeFest mar chúlra…
Nochtann díospóireacht Dála teannas fuinnimh. Pádraig de Burca Diúltaíodh do rún ó Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil an tseachtain seo caite a lorg moratóir láithreach ar thógáil ionad sonraí nua. Ach ní sular tharla díospóireacht chrua a léirigh na teannais atá ag teacht chun cinn idir uaillmhian dhigiteach na hÉireann agus srianta a córais…
Eoin Ó Murchú Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an domhan ag bogadh níos gaire do chogadh idirnáisiúnta le gach lá a théann thart. Níl an baol ach ag méadú, agus is léir go bhfuil ECAT, go háirithe na tíortha Eorpacha, ag dul i dtreo coinbhleacht dhíreach leis an Rúis. An bhfuilimid ag…