D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, comhpháirtíocht nua idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le nuálaíocht agus le fás gnólachtaí sa Ghaeltacht agus i gceantair réigiúnacha.
Is ardán é Skillnet Innovation Exchange a nascann gnólachtaí beaga agus meánmhéide le comhlachtaí móra chun réitigh nuálacha a fhorbairt ar dhúshláin ghnó. Tríd an gcomhpháirtíocht nua seo, beidh deiseanna breise ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta margaí nua a bhaint amach, comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chruthú agus dlús a chur lena bhforbairt.
Dúirt an tAire Dara Calleary go léiríonn an tionscnamh “cumhacht an chomhoibrithe réigiúnaigh chun iomaíochas náisiúnta a chur chun cinn”. Dar leis, tabharfaidh an chomhpháirtíocht gníomhaireachtaí fiontraíochta, ceannairí tionscail agus gnólachtaí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhíordhúshláin ghnó agus chun deiseanna tráchtála nua a chruthú.

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, fáilte mhór roimh an gcomhoibriú. Dúirt sé go dtacaíonn an tÚdarás le forbairt margaí, teicneolaíochtaí agus táirgí nua trí thaighde agus forbairt, agus gur céim thábhachtach í an chomhpháirtíocht chun poist, táirgí agus seirbhísí nua a chruthú sa Ghaeltacht.
Dúirt Ken Finnegan, Príomhoifigeach Straitéise Skillnet Ireland, go mbeidh buntáistí suntasacha ag baint leis an gcomhpháirtíocht do ghnólachtaí áitiúla, agus chuir Stiúrthóir Skillnet Innovation Exchange, Conor Carmody, béim ar an ról a bheidh aici i gclaochlú digiteach, glacadh leis an intleacht shaorga agus nuálaíocht inbhuanaitheachta.
Ó 2022 i leith tá Skillnet Innovation Exchange i gcomhpháirtíocht le roinnt mol nuálaíochta ar fud na tíre, ina measc Platform 94 i nGaillimh, Republic of Work i gCorcaigh, The Ludgate Hub sa Sciobairín, The Mill i nDroichead Átha, an RDI Hub i gCiarraí agus GreenTech HQ in Inis Córthaidh. Táthar ag súil anois go gcuirfidh an nasc nua le hÚdarás na Gaeltachta borradh suntasach faoi nuálaíocht agus faoi fhás fiontraíochta sna ceantair Ghaeltachta.