Cé go bhfuil streachailt fhada i leith chaomhnú Shráid an Mhúraigh fós ar siúl gan réiteach, d’fhógair an rialtas pleananna chun foirgneamh Ard-Oifig an Phoist a athfhorbairt chun oifigí den chomhairle cathrach agus áiseanna miondíola a chur ann. Tá dlúthbhaint stairiúil ag an dá shuíomh lena chéile. Le linn laethanta deiridh Éirí Amach 1916 bhog formhór gharastún Ard-Oifig an Phoist go Sráid an Mhúraigh agus ba ann a cinneadh géilleadh an Éirí Amach sa deireadh.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an Ard-Oifig mar fhoirgneamh stairiúil mar gheall ar an méid a tharla istigh ann agus thart timpeall air. Ar Luan na Cásca 1916 ghabh fórsaí poblachtánach an foirgneamh sa chéad éirí amach mór frithchoilíneach den fhichiú haois, rud a rinne macalla ar fud an domhain. Lasmuigh den fhoirgneamh léadh Forógra na Poblachta os ard go foirmiúil.
I measc na ngrúpaí a ghlac páirt bhí an chéad arm oibrithe ar domhan, Arm Saoránach na hÉireann, a d’earcaigh mná agus fir, mar aon leis an gcéad eagraíocht mhíleata phoblachtach réabhlóideach do mhná, Cumann na mBan.