Tá céim mhór chun cinn fógartha ag an rialtas maidir le forbairt an bhreisoideachais agus na hoiliúna i réigiún an iarthair, tar éis do shuíomh stairiúil Dhún Mhistéil i gCaisleán an Bharraigh a cheannach mar áit don choláiste breisoideachais agus Oiliúna nua i Maigh Eo.
D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless, agus an tAire Stáit Marian Harkin an ceannach, ar cloch mhíle thábhachtach é i bhforbairt tionscadail caipitil ilmhilliún euro faoi stiúir Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMESL).
Mar chuid den tionscadal, cruthófar campas nua-aimseartha a bheidh mar phríomhionad foghlama don réigiún. Beidh an príomhchampas lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh, le tacaíocht ó champais i gCathair na Mart agus i mBéal an Átha, chomh maith le líonra moil foghlama ar fud Chontae Mhaigh Eo agus réigiún BOOMESL.