Tá cáineadh géar déanta ag TINTEÁN, BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge ar an Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht, a foilsíodh i rith na seachtaine, agus iad ag maíomh go ndéanfaidh na moltaí dochar suntasach do chosaint na Gaeilge agus do sholáthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Tá cruinniú éigeandála á lorg ag na heagraíochtaí leis an Aire Tithíochta, James Browne, agus leis an Aire Gaeltachta, Dara Calleary, chun na moltaí a phlé.
Dar leis na grúpaí, tá cúlú suntasach molta ó na coinníollacha teanga atá i bhfeidhm faoi láthair i bPleananna Forbartha na gContaetha Gaeltachta. Go háirithe, tá siad buartha faoin moladh go mbeadh céatadán na n-aonad tithíochta a mbeadh coinníoll teanga i bhfeidhm orthu bunaithe ar líon na gcainteoirí Gaeilge de réir an Daonáirimh, móide deich faoin gcéad.
Faoi láthair, tá coinníollacha níos láidre i bhfeidhm i roinnt contaetha. Mar shampla, tá coinníoll teanga de 85% i bhfeidhm i nDún na nGall, 80% i nGaeltacht na nDéise agus i gCois Fharraige, agus 66% i gCiarraí. De réir na moltaí nua, d’fhéadfadh an riachtanas i nGaeltacht Láir Dhún na nGall titim ó 85% go dtí 32%, agus fad an choinníll teanga laghdaithe ó 15 bliana go 10 mbliana.