Teicneolaíocht na Síne anois chun cinn ar an Iarthar

Cathal Ó Murchú 

Tá éirí in airde na Síne ag leanúint ar aghaidh gan stad agus gan staonadh i neart réimsí san eacnamaíocht agus anois sa teicneolaíocht, rud nár ceapadh gur féidir tarlú go dtí le déanaí dar leis an gcuid is mó de thráchtairí san Iarthar. Anois tá iomaíocht ghéar gheopholaitiúil agus eacnamaíoch ann idir an tSín agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i neart réimsí, go háirithe i réimsí criticiúla cosúil le leathsheoltóirí, intleacht shaorga agus ríomhaireacht chandaim. Sna teicneolaíochtaí nua, tá teacht ar mhianraí tearcithreach thar a bheith riachtanach agus criticiúil chun tús áite a bhaint amach san iomaíocht seo.

Tá na Stáit Aontaithe i bhfad níos trodaí san iomaíocht seo agus leagann siad síos smacht ar easportáil earraí chun na Síne. Ach an freagra a thugann na Sínigh ar a leithéid de bheartas ná a bheith neamhthuilleamaíoch agus tá seilbh acu ar an gcuid is mó de na mianraí tearcithreach riachtanacha le dul chun cinn in earnálacha teicneolaíochta na todhchaí. Nuair a bhagair Trump taraifí troma ar an tSín bhí air iad a tharraingt siar nuair a bhagair na Sínigh cosc ar mhiotail thearcithreacha a easpórtáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.