
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an domhan ag bogadh níos gaire do chogadh idirnáisiúnta le gach lá a théann thart. Níl an baol ach ag méadú, agus is léir go bhfuil ECAT, go háirithe na tíortha Eorpacha, ag dul i dtreo coinbhleacht dhíreach leis an Rúis. An bhfuilimid ag siúl isteach i gcogadh núicléach gan aird a thabhairt ar na comharthaí rabhaidh?
Tá an Rúis faoi bhrú mór. Le ceithre bliana anuas tá ECAT ag cur lena rannpháirtíocht dhíreach san ionsaí ar an Rúis. Ar dtús bhí na hionsaithe beag, ach tá siad ag méadú i dtreise agus i minicíocht. Cuireann na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe arm fadraoin agus dróin ar fáil don Úcráin, agus ní hamháin sin, ach tá siad ag cur satailítí agus faisnéis ar fáil chun na hionsaithe a dhíriú ar spriocanna sa Rúis. Ní cúnamh neamhurchóideach é seo; is rannpháirtíocht chomhraic é.
De réir mar a mhéadaíonn an bhagairt, tá brú ag méadú ar an Uachtarán Putin ó na “seabhaic” sa Chreimil freagairt níos déine a thabhair. Tá éileamh ag méadú i measc na bpolaiteoirí ionsaithe ar an Úcráin a mhéadú, agus fiú díoltas a imirt ar an Eoraip mar gheall ar a ról sa chogadh.