Baineadh geit as gach duine i ndiaidh chás cúirte Jeffrey Donaldson. Tá an scéal bogtha ar aghaidh, áfach, go dtí rud éigin eile ar fad. Ba léir nach raibh a fhios a lán aontachtaithe faoin chineál duine a bhi sa Dónallach, agus ós rud é go bhfuil sciar nach beag acu cráifeach, ba mheasa an crá dóibhsean.
Ach ní raibh ansin ach tús an scéil. I bhfirinne is scannal é seo nach bhfaca mé féin riamh a leithéid. Thosaigh rudaí eile á nochtú faoi stíl bheatha Donaldson nach raibh mórán daoine eolach orthu. Bhí neart daoine, ar an drochuair, a raibh an t-eolas sin acu. Choinnigh siad acu féin é. Ina measc siúd, go príomha, bhí baill reatha agus iar-bhaill den Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach, roinnt daoine i bPáirtí Aontachtach Uladh, na póilíní anseo agus i Londain agus, b’fhéidir, na seirbhisí rúnda chomh maith.
Ba léir go raibh iompar Donaldson an-éagsúil ón Chríostaíocht a chuir sé chun tosaigh, agus é ag iompar shiombail an éisc gach lá ar a chasóg. Cháineadh sé daoine eile go géar as an stíl bheatha a bhí acusan. Bréag ollmhór a bhí ansin ar fad.