
Tá na 32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhain áit amach ar ghearrliosta Ardán 2026 fógartha ag Glór na nGael. Fógraíodh na hainmneacha ar Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta, agus is iad seo na chéad ghrúpaí a bheidh san iomaíocht sa chomórtas nua Ardán, a tháinig i gcomharbacht ar Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
Fuair an comórtas freagra thar a bheith láidir i mbliana, agus chuir breis agus 60 grúpa ó gach cearn d’Éirinn níos mó ná 100 iontráil isteach. De réir Ghlór na nGael, is é seo an rannpháirtíocht is airde riamh i stair chomórtas náisiúnta na heagraíochta.
Tá duaischiste iomlán de €83,000 i gceist, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit. Bronnfar duaiseanna freisin ar na buaiteoirí agus ar na hiomaitheoirí sna hocht gcatagóir éagsúla, chomh maith le deich ngradam aitheantais speisialta do ghrúpaí a léirigh dul chun cinn nó éacht ar leith i rith na bliana.
Is iad na hocht rannóg atá sa chomórtas ná An Óige, An Teaghlach, An Ghaeltacht, Oideachas, Tacaíochtaí Pobail agus Folláine, Gnó agus Fiontraíocht, Labhairt na Gaeilge, agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.
Ag labhairt dó tar éis na fógraíochta, dúirt Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael, gur cúis mhisnigh don eagraíocht an spéis ollmhór a léirigh pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta sa chomórtas nua.
Dúirt sé go raibh sé ag súil le comhdháil spreagúil mar chuid den phróiseas moltóireachta phoiblí i nGaillimh i mí Mheán Fómhair. Ghabh sé comhghairdeas leis na grúpaí ar fad a bhain áit amach ar an ngearrliosta agus leo siúd a rinne iarratas, go háirithe na grúpaí nua nár ghlac páirt i gcomórtas Ghlór na nGael roimhe seo.
Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht i nGaillimh ar an 19 Meán Fómhair, áit a mbeidh deis ag an bpobal freastal ar sheisiúin mholtóireachta agus foghlaim ó dhea-chleachtais na ngrúpaí éagsúla.
Gearrliosta Ardán 2026
Labhairt na Gaeilge: Carraig ag Caint, Pobal Rua, Pobal ar a’n Iúl, Gaillimh le Gaeilge.
An Ghaeltacht: Ionad na nImirceach CTR, Coiste Féilte Chill Chiaráin, Coiste Forbartha Chnoc Fola, Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige.
Tacaíochtaí Pobail & Folláine: An Droichead, Pobal Eascarrach, Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Comhar Chuigéal Teo.
Oideachas: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Cultúrlann Uí Chanáin, Cill Dara le Gaeilge, Gaeilge Locha Riach.
An Teaghlach: Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí, Céim ar Chéim, Tae agus Play, Fís an Phobail.
An Óige: Glór Uachtar Tíre, Glór na Móna, Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Glór Cheatharlach.
Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta: Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Gaeláras Mhic Ardghail.
Gnó & Fiontraíocht: Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR, An Clár as Gaeilge, BSG An Clochán Liath, Muineachán le Gaeilge.