D’fhreastail mé ar Imeacht thar a bheith suimiúil ar an 23 Aibreán sa dánlann ghrianghrafadóireachta Belfast Exposed, a spreag a lán smaointe i mo chloigeann.
Lá theanga agus chultúr na nGael a bhí ann, mar imeacht amháin i sraith dar teideal BIEN a d’eagraigh an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha faoi stiúir an Dr Katy Radford. Cuireadh an Oifig um Fhéiniúlacht agus Léiriú Cultúrtha ar bun faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in 2022, mar aon le Comisinéir Gaeilge agus Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus Bhriotanach Ultach. Is é is brí le BIEN ná “British?Irish? Both? Neither?”, agus is tagairt agus ómós é seo don iliomad féiniulachtaí atá le fáil san áit a dtugtar Tuaisceart Éireann uirthi.
Chomh luath is a shiúil mé trid an doras mhothaigh mé go raibh timpeallacht faoi leith ann, meascán aoibhinn de phobal na Gaeilge, pobal na n-ealaíon, pobal na meán agus lucht na dánlainne, iad uilig ag iarraidh a fháil amach faoin Ghaeilge, an cultúr Gaelach, go cinnte, ach, thairís sin, faoi áit a chéile i saol an chultúir.
Bhí triúr ceoltóirí iontach i láthair, a thagann le chéile mar Cheoltóirí Bhéal Feirste, chomh hiontach sin gur ghlac siad le hiarratas uaim Marcshlua Uí Néill a sheinm!