Mic léinn Ollscoil na Banríona i nDún Éideann

Chuaigh scaifte de mhic léinn atá ag dul don Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar thuras go Dún Éideann le deireanas.

Arsa Mark Harte, Oifigeach Tacaíochta Teanga san ollscoil, “Seo an dara bliain den mhalartú ollscoile idir Ollscoil Dhún Éideann agus Ollscoil na Banríona. Bhí grúpa linn ó Dhún Éideann i mí an Mhárta agus bhí muid leo an mhí seo. Mhaoinigh Foras na Gaeilge an turas tríd an chlár Colmcille. Bhí ár gcuairteoirí ó Albain linn i rith Sheachtain na Gaeilge, agus bhí an deis acu cuairt a thabhairt ar Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus an Droichead, agus bhí siad ar champas na hollscoile nuair a thug an Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, caint dúinn fosta.”

“I nDún Éideann bhí an deis againn cuairt a thabhairt ar Iarsmalann na hAlban, Parlaimint na hAlban agus Ollscoil Dhún Éideann. Rinneadh na turais ar fad go dátheangach le treoraí.”

“Bhí deis ag na mic léinn bualadh le mic léinn eile chun cúrsaí teanga, ollscoile agus eile a phlé. Trí imeachtaí, cuairteanna, béilí agus imeachtaí sóisialta, bhí an deis acu a bheith ag foghlaim óna chéile. Bhí siad in ann smaointe a phiocadh suas óna chéile maidir leis na teangacha, agus d’fhoghlaim siad cuid mhór faoi stair agus todhchaí na dteangacha.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.