Tuilleadh brú ar cheannaireacht Martin ar Fhianna Fáil

Eoin Ó Murchú

Tá tuilleadh brú ar Mhicheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil, i bhfianaise na pobalbhreithe is deireanaí a foilsíodh sa Sunday Independent Dé Domhnaigh seo caite. 

Ní hé go raibh aon rud nua ann, ach dheimhnigh sé treo ar ábhar buartha d’Fhianna Fáil é go bhfuil an páirtí sin ag dul síos go mall ach go cinnte agus go bhfuil Éire Neamhspleách ag éirí nós láidre ar vótaí a bhíodh ag Fianna Fáil roimhe.

Tá FF taobh thiar de Shinn Féin le hocht mí anois, ach tá na teachtaí tuaithe níos buartha faoin ardú ag Éire Neamhspleách ná dúshlán Shinn Féin. 

Creideann na teachtaí sin nach bhfuil rialtas clé mealltach do mhóramh na vótaí faoin tuaith, ach má léiríonn Éire Neamhspleách gur rogha fhiúntach iad ar Fhianna Fáil tá na teachtaí buartha go bhféadfar go mbeadh a gcuid suíochán i mbaol dáiríre.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.