Ceiliúradh ar an dúlra ag seoladh Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta i gCorcaigh

Beidh deis ar leith ag an bpobal nasc a dhéanamh le taobh fiáin na hÉireann nuair a sheolfar Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta go hoifigiúil ar an mBaile Beag, Corcaigh, Dé Domhnaigh, an 10 Bealtaine, le clár imeachtaí lán le foghlaim, plé agus gníomh praiticiúil ar son an dúlra.

Tá an ócáid á heagrú ag Líonra Comhshaoil na hÉireann i gcomhar le Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae Chorcaí, agus beidh sí ar siúl ó 10 am go 4.30 pm i gCoimpléasc Spóirt an Bhaile Bhig. Díreofar ar ghníomhartha fadtéarmacha chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a chur chun cinn ar bhonn áitiúil agus náisiúnta.

I measc bhuaicphointí an lae beidh léachtaí agus ceardlanna ó shaineolaithe éagsúla. Labhróidh an t-éiceolaí Karen Loxton faoi conas plean gnímh áitiúil a chruthú chun tacú leis an mbithéagsúlacht, agus tabharfar samplaí praiticiúla ó An Sciobairín Glas ar chur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta. Déanfaidh Michelle McKeown ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, iniúchadh ar Réitigh Dhúlra-Bhunaithe agus an ról a d’fhéadfadh a bheith acu i bpobail ar fud na tíre. Beidh Rachel Hayden ón Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta ag díriú ar thionscnaimh eolaíochta saoránach agus ar bhealaí gur féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh iontu.

Críochnófar an lá le siúlóid threoraithe trí Bhogaigh Oileán Harper le BirdWatch Ireland, chomh maith le bioblitz a thabharfaidh deis do dhaoine speicis áitiúla a aithint agus a thaifeadadh.

Dúirt Catherine O’Toole, Comhordaitheoir Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta, go mbeidh an seoladh “spraíúil, praiticiúil agus fiúntach,” agus gur deis é do dhaoine foghlaim faoin dúlra agus faoin gcaoi le tacú leis an bhfiadhúlra.

Leis na céadta imeachtaí eile beartaithe ar fud na tíre, cuirfidh an tseachtain béim ar an tábhacht a bhaineann leis an mbithéagsúlacht dár dtimpeallacht agus dár bpobail.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.