Tá an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT), an ceardchumann is mó in Éirinn, tar éis a chur in iúl go bhuill siad ag iarraidh ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh brostú le dlí a dhéanamh den Bhille Post Maith go luath, ag rá gur cloch mhíle nua maidir le cearta oibrithe é.
Ag labhairt di ag slógadh bliantúil Lá Bealtaine i mBéal Feirste dúirt Leas-Ard-Rúnaí CSTGT, Ethel Buckley, go bhfuil sé thar am dlí a dhéanamh den bhille seo agus go bhfuil gníomhú práinneach faoi anois.
“Le blianta fada tá an chumhacht ag Tionól Thuaisceart Éireann feabhas a chur ar shaol na n-oibrithe agus tá ag teip air í a úsáid,” a dúirt Buckley leis an slógadh. “Tá ag teip ar Stormont a chumhachtaí cineachta a úsáid chun cearta oibrithe a fheabhsú.”
Dúirt sí, ámh, go raibh an taoide ag casadh faoi dheireadh le teacht an Bhille Fostaíochta Post Maith. “Ach anois tá an Bille Fostaíochta Post Maith ar an mbord,” a dúirt Buckley. “Tá an bille os comhair ár nAirí Feidhmeannais agus táimid ag súil go hiomlán leo éa chur tríd an bhFeidhmeannas le práinn agus go dtí urlár an Tionóil.”