Cogadh cathartha i bPáirtí Aontachtach Uladh 

Máirín Hurndall

Táimid ag cloisteáil le roinnt seachtainí anuas faoi Doug Beattie nach roghnóidh a chraobh féin, an Bhanna Uachtair, é mar iarrthóir sa chéad toghchán eile don Tionól i mí na Bealtaine 2027.

Bhí crith talún ann, áfach, ag tús na seachtaine seo, nuair a rinne Doug Beattie, a d’éirigh as an pháirtí Dé Domhnaigh, líomhaintí tromchúiseacha i gcoinne cheannaire an pháirtí, Jon Burrows, ar chlár raidió. Idir eile dúirt sé gur modh ceannasaiochta Burrows ba chúis le fadhbanna meabhairshláinte ag teacht ar roinnt feisirí. Mhaigh sé fosta go raibh Burrows meáite ar Beattie a ruaigeadh as an pháirtí, agus cúpla duine eile chomh maith. Luaigh sé go sonrach Alan Chambers i nDún Thuaidh.  

Anuas ar sin d’inis Beattie linn gur thosaigh duine éigin sa pháirtí ag léamh siar ar a ghiolcacha le go bhfaigheadh siad aon ní le húsáid ina éadan.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!