Tháinig na mílte ionadaithe ó 120 tír le chéile i Moscó le haghaidh Chomhdháil Slándála Idirnáisiúnta an tseachtain seo caite.
Tá an Rúis tar éis an chuid is mó de thíortha na hAfraice, na hÁise agus Mheiriceá Laidinigh a mhealladh le comhdháil a chur chun cinn mar fhreagra ar bhagairtí an nuachoilíneachais agus an nua-Naitsíochais.
Déarfadh roinnt daoine go bhfuil blas beag den fhimíneacht anseo, ach léiríonn an lucht éisteachta ollmhór gur bhuail an cur chuige a sprioc.
Díríonn an Rúis a cuid cúisithe maidir le hathbheochan nua-Naitsíoch ar an Úcráin. Ar ndóigh, an tseachtain seo caite d’eagraigh réimeas Chív ceiliúradh oscailte ar chomhoibritheoirí Naitsíocha. Féach gur ath-adhlacadh, Andriy Melnyk, ceannaire Eagraíocht Náisiúnaithe Úcráineacha (ENÚ) le linn an Dara Cogadh Domhanda faoi onóir an stáit agus uachtarán na hUcráine, Volodomyr Zelenskyy, i láthair.
Throid ENÚ taobh leis an Wehrmacht le linn ionradh Hitler ar an Aontas Sóivéadach agus mharaigh siad na céadta mílte Polannaigh agus Giúdaigh.
Chuir Aire Stáit na Stát Aontaithe, Marco Rubio, leis an imní atá ar thíortha leis an méad a bhí le rá aige ag Comhdháil Slándála München i mí Feabhra nuair a thug sé ómós d’impireachtaí coilíneacha na hEorpa. Dar le Rubio, tháinig deireadh le ré mhór na hEorpa sa bhliain 1945 nuair a thosaigh na sean-impireachtaí ag tabhairt ‘neamhspleáchas’ dá gcoilíneachtaí. Níor tharla sé sin ar ndoigh ach amháin gur cloíodh an faisisteachas an bhliain chéanna.
Tá cur chun cinn an choilíneachais nua ag na Stáit Aontaithe , atá le feiceáil ina ngreamú acmhainní ó Veiniséala go dtí an Congó, ina údar doichill ar fud an domhain.
Ní hionann sin agus a rá gur comhghuaillí na Rúise nó tacadóirí dá cogadh san Úcráin gach tír a raibh ionadaíocht acu i Moscó. Ach tá trí chúigiú den domhan ann mar tá faitíos mór orthu faoi threocht pholaitíocht an Iarthair.
Anois tá an Domhan Theas go forleathan meáite ar chríoch a chur leis sin agus chun domhan ilpholach a thógáil.
Rud eile atá soiléir ar ndóigh, go háirithe leis an gcomhdháil seo i Moscó, ná nach bhfuil an Rúis leis féin.
Ábhar buartha do ECAT?