Tá an bille anois ag céim an choiste i ndiaidh díospóireacht theann sa Tionól
Tógadh raic ag tús na seachtaine de bharr bille a chuirfidh cearta múinteoirí dul ar stailc i mbaol.
Tá an tAire Oideachais Paul Givan ag rá go ndéanfaidh an bille fá chigireachtaí scoile scoileanna a chosaint. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht bheartaithe próiseas na cigireachta a chosaint le linn aon ghnímh stailce ag múinteoirí amach anseo.
Tá páirtithe náisiúnacha ag rá go lagóidh sé cearta oibre múinteoirí agus gur féidir pionós airgeadais a ghearradh ar mhúinteoirí.
Cuirfidh an bille riachtanas reachtúil iomlán ar scoileanna comhoibriú leis an Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COO), agus bheadh bagairt ann go ndéanfar caingean dlí má chuirtear stop orthu.
Le linn an ghnímh stailce is déanaí thug ceardchumainn na múinteoirí treoir dá mbaill gan bheith ag comhoibriú le cigireacht COO. Idir 2018 agus 2023 níor tharla cigireacht iomlán ach in 13 bhunscoil, agus ní raibh cigireacht iomlán in aon mheánscoil le linn na tréimhse sin.
Agus an bille á phlé ag an Tionól Dé Máirt d’fhógair na cúig phríomhcheardchumann múinteoirí go mbeidh vóta á ghlacadh acu chun gníomhaíocht thionsclaíoch a dhéanamh maidir lena n-ualach oibre neamh-inbhuanaithe.
Beidh ballóid a reáchtáil acu ón 10 Meitheamh go dtí tús Mheán Fómhair, agus seans go mbeidh tionchar ag an vóta seo ar an bhliain scoile úr.
Dúirt an tAire Oideachais Paul Givan go raibh an-díomá air le cinneadh na gceardchumann.
Maidir leis an bhille féin, dúirt Teachta Parlaiminte de chuid Shinn Féin, John Finucane, go bhfuil an tAire Oideachais ón Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach ag iarraidh cearta múinteoirí a laghdú seachas a neartú ag am a bhfuil brú millteanach ar orthu.
Dúirt Sinn Féin go gcuirfidh siad in aghaidh an bhille.
Dúirt an Páirtí Aontachtach Daonlathach gur seasamh aisteach é seasamh Sinn Féin ar an ábhar. Dúirt an LeasChéad-Aire Emma Little Pengelly gur aontaigh Sinn Féin an cheist seo a chur ar chlár an Fheidhmeannais, agus nach raibh siad ina éadan ag an Fheidhmeannas.