RTÉ, TG4 agus Virgin Media i measc bhuaiteoirí Fhéile na Meán Ceilteach i mBéal Feirste

Cóilín Duffy i mBéal Feirste

Bhí earnáil na meán Ceilteach faoi chaibidil i mBéal Feirste an tseachtain seo agus seachtú féile is daichead na Meán Ceilteach ar siúl san Ionad Ealaíon Uirbeach i mBéal Feirste, áit ar tháinig gairmithe ó earnálacha na teilifíse, an raidió, na meán digiteach agus na scannánaíochta le chéile chun todhchaí an tionscail a phlé agus chun na Gradaim Torc a bhronnadh.

Tá an fhéile anois ar cheann de na cruinnithe meán is tábhachtaí san Eoraip, agus tugann sí ionadaithe ó Éirinn, Albain, an Bhreatain Bheag, an Bhriotáin, Corn na Breataine, an Ghailís agus Oileán Mhanann le chéile gach bliain.

Bhí roinnt díospóireachtaí suntasacha ar siúl ar an dara lá den fhéile. Sa seisiún Lights, Camera, Code: The Future of Visual Effects in Irish Film & TV, rinne saineolaithe plé ar an bhfás atá ag teacht ar earnáil na n-éifeachtaí amhairc in Éirinn. Faoi chathaoirleacht Sophia McKeever, phléigh Bernard Rogan, Dhruba Banerjee agus Eugene McCrystal na deiseanna agus na dúshláin atá roimh stiúideonna Éireannacha agus iad ag dul san iomaíocht ar an ardán idirnáisiúnta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!