
Nuair a toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann ba de bhrí gur tháinig páirtithe na heite chlé, sa chiall is leithne den téarma sin, le chéile le bua cuimsitheach a bhaint amach ar pháirtithe an rialtais.
Agus tháinig an comhoibriú sin i ndiaidh comhoibriú eile nuair a sheas na páirtithe clé le chéile le cur i gcoinne iarracht an rialtais cuid d’am cainte an fhreasúra a ghoid agus iad ag rá go bhféadfadh teachtaí neamhspleácha a thacaíonn leis an rialtas a bheith sa rialtas agus sa fhreasúra ag an am céanna.
Ach anois, in ainneoin gur chloígh an clé páirtithe an rialtais san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir, tá amhras á chaitheamh ar an scéal ar fad.
Tá Ivana Bacik agus Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh aontacht éigin a chruthú gan Sinn Féin, cé, dar leis na pobalbhreitheanna, go bhfuil níos mó tacaíochta ag Sinn Féin leis féin ná mar atá ag Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus na Glasaigh le chéile.
I léiriú iontach sotail agus saofa, chuaigh Bacik chomh fada lena rá nach páirtí clé é Sinn Féin ar chor ar bith.
Nuair atá Páirtí an Lucht Oibre san fhreasúra is é an mana atá acu ná bealach an Lucht Oibre thar bhealach Frankfurt. Ach nuair atá siad sa rialtas is le bealach Frankfurt a chloíonn siad.
Sin é an fáth go ndeachaigh an páirtí síos i ndiaidh rabharta Dick Spring in 1992, agus arís i ndiaidh ghála Gilmore in 2011. Rinne siad feall ar na daoine a thug vótaí dóibh.
Mar an gcéanna leis an gComhaontas Glas. Sula ndeachaigh siadsan isteach le Fianna Fáil in 2007 labhair an páirtí go láidir ar son neodrachta, ach rinne siad dearmad de sin nuair a bhí siad sa rialtas. Agus arís ar na mallaibh, in éineacht le Fine Gael agus Fianna Fáil ní raibh aon stró ar an bpáirtí glacadh le déine agus leas an rachmais a chosaint ar dhroim na haicme oibre.
Ní mar sin atá na Daonlathaithe Sóisialota, ceapaim. Cé go bhfuil Holly Cairns, ceannaire an pháirtí, ag rá nach bhfuil sí ag iarradh comhchlár clé a oibriú amach leis na páirtithe eile, tá sí fós ag moladh aistriú vótaí do pháirtithe clé. Diúltaíonn sí don iarracht ó Pháirtí an Lucht Oibre Sinn Féin a choinneáil amach agus éilíonn sí go mbeidh na cúig pháirtí ann, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, na Glasaigh agus Pobal seachas Brabús.
Céard is brí le clé mar sin? Dar liom is páirtí clé páirtí a chuireann leas eacnamaíoch agus sóisialta na haicme oibre sa chéad áit. Sin a dhéanann Sinn Féin níos mó ná aon pháirtí eile, fiú má tá siad ar an mbealach mícheart maidir leis an Aontas Eorpach agus maidir lena dtacaíocht do ECAT san Úcráin.
Ní hionann liobrálachas agus sóisialachas, ach ag an deireadh thiar an seasann páirtí leis an aicme oibre nó nach seasann?
Mar shampla, creideann Sinn Féin, mar pháirtí den aicme oibre, go bhfuil dualgas air freagra a thabhairt ar fhíorimní an lucht oibre, lena n-áirítear imní faoin inimirce. Deir Mary Lou McDonald go gceapann sí gur “gnáthsheasamh ón eite chlé” é aontú le córas inimirce bunaithe ar rialacha, toisc go n-éisteann “páirtí freagrach den chlé” le hábhair imní na haicme oibre.
A mhalairt atá i gceist ag na Daonlathaithe Sóisialta. Deir Daniel Ennis, a toghadh san fhothoghchán, gur cóir don pháirtí oideachas a chur ar an lucht oibre maidir le saincheisteanna cosúil le hinimirce agus araile. Agus sin é an difríocht: éisteann páirtí amháin le tuairimí a lucht tacaíochta, agus tugann sé meas dóibh, agus síleann an páirtí eile gur féidir leis uasal le híseal a dhéanamh leo.
Agus céard a cheapann an aicme oibre féin? Dar leis na pobalbhreitheanna, tá SF i bhfad chun cinn sna ranna C2 agus DE (28%), ranna na haicme oibre. Tugann 9% den aicme seo tacaíocht do na páirtithe clé eile. Faigheann SF an chuid is mó dá vótaí ón aicme seo, ach faigheann páirtithe eile an chlé níos mó vótaí ó aicme AB (ardbhainisteoirí agus daoine gairmiúla) ná ó aon dream eile.
Ag an deireadh thiar ní féidir aon rialtas clé a bheith ann mura mbeidh SF i gceannas air. Agus chun rialtas clé a bhunú ní mór do na páirtithe seasamh le chéile.
Mura bhfuil Páirtí an Lucht Oibre agus na Glasaigh sásta a leithéid a dhéanamh beidh ar SF athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal ar fad.
Seans mar sin nach mbeidh aontacht clé ar na bacáin agus go mbeidh ar Shinn Féin, mar páirtí réabhlóideach, seasamh leis féin agus pleanáil a dhéanamh don fhadtearma le réabhlóid a chruthú a chuirfidh fiorathrú ar an saol.