An Ríocht Dhí-Aontaithe – cén uair agus cad é mar a fheicfear i?

Máirín Hurndall

Ar an chéad spléachadh tá cuma ar an scéal go mbeidh na Ceiltigh, faoi dheireadh agus faoi dheoin, in ann imeacht ina dtreo féin, gan laincisí na Ríochta Aontaithe ag cur isteach orthu a thuilleadh.

Ach amharc arís. In Albain, cé go bhfuil tromlach na suíochán ag páirtithe ar son neamhspléachais, 58 ag Pairtí Náisiúnta na hAlban agus 15 ag na Glasaigh, ní hamhlaidh atá sé le céatadán na vótaí. Taispeánann sin nach bhfuil ach 38% ag an Pháirtí Náisiúnta agus 2% ag na Glasaigh. Bhi na hAlbanaigh iontach míshásta le teip an Pháirtí Náisiúnta i dtaca le sláinte agus oideachas. Roinnt míonna ó shin bhí siad réidh le dul le Páirtí an Lucht Oibre.

Ach, mar gheall ar pholasaithe tubáisteacha Keir Starmer, leithéidi an liúntas breosla a bhaint de na pinsinéirí, d’athraigh siad a n-intinn, ní hamháin faoi Starmer ach faoi Pháirtí an Lucht Oibre i gcoitinne, mar sheas siadsan uilig, nach mór, lena saoiste.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.