Zoë Conway le Féile na Tána a chur i láthair i sraith nua ar TG4

Tabharfaidh an fidléir iomráiteach Zoë Conway faoi ról nua mar láithreoir teilifíse an tseachtain seo chugainn nuair a chuirfear tús le Féile na Tána, sraith nua cúig chlár ar TG4 ina ndéanfar ceiliúradh ar cheol agus ar amhránaíocht thraidisiúnta Leithinis Chuaille.

Craolfar an chéad chlár Dé hAoine, an 13 Samhain, ag 10pm, agus beidh an tsraith ar fáil ar TG4+ freisin.

Taifeadadh na cláir le linn Fhéile na Tána 2026 in Ionad Oidhreachta Chairlinn agus in ionaid eile sa cheantar. Is í Conway, a eagraíonn an fhéile in éineacht lena fear céile, an giotáraí John McIntyre, a thabharfaidh an lucht féachana ar thuras trí cheol agus trí thraidisiúin an cheantair.

Cé go bhfuil Conway ag seinm ar stáitseanna ar fud an domhain le blianta fada, seo an chéad uair di tabhairt faoin láithreoireacht teilifíse. Beidh sí ag comhrá le ceoltóirí faoi na foinn, na hamhráin agus na daoine a chuaigh i bhfeidhm orthu, agus beidh sí féin agus McIntyre ag seinm sa chéad chlár agus sa chlár deireanach.

Tá traidisiún saibhir ceoil agus amhránaíochta i gCuaille, agus tabharfar aird ar leith sa tsraith ar oidhreacht Oiriall agus ar fhilí ar nós Art Mac Cumhaigh agus Peadar Ó Doirnín.

I measc na n-amhránaithe a bheidh le cloisteáil beidh Feilimí O’Connor, Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin.

Beidh cuid de mhórainmneacha an cheoil thraidisiúnta páirteach freisin, ina measc Cathal Hayden, Máirtín O’Connor, Seamie O’Dowd, Mary Bergin, Edel Fox agus Caoimhín Ó Fearghail. Beidh Andrew Hendy agus Finnian O’Connor ó The Mary Wallopers le feiceáil chomh maith.

Tabharfar ardán do cheoltóirí óga agus do ghrúpaí áitiúla, lena n-áirítear Nós Nua Youth Orchestra, Louth Harp Ensemble agus St. Mary’s Trad Soc. Beidh na deirfiúracha Sibéal, Róisín agus Niadh Ní Chasaide le feiceáil leis an mbanna Sona Leí ina gcéad láithriú teilifíse.

Buaicphointe ar leith a bheidh sa chlár deireanach ná an chéad taibhiú domhanda de Gaisce Shuibhne, saothar nua le Bill Whelan, cumadóir Riverdance.

Tá an píosa, atá bunaithe ar scéal Shuibhne Gheilt, cumtha do cheithre chláirseach agus beidh Aisling Lyons, Cormac de Barra, Gráinne Meyer agus Séamus Ó Flatharta, cláirseoirí as ceithre chúige na hÉireann, á sheinm.

Faigheann Féile na Tána a hainm ón eipic cháiliúil Táin Bó Cúailnge. Tugann an fhéile ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí le chéile gach bliain, agus cuirtear ceardlanna agus ranganna ar fáil do dhaoine de gach aois.

Is í Aniar TV a léirigh an tsraith nua do TG4.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.