Tuilleadh infheistíochta i leabharlanna poiblí na hEorpa á éileamh i dtuarascáil nua

Táthar ag iarraidh go n-aithneofaí leabharlanna poiblí mar sheirbhísí bunriachtanacha ar fud na hEorpa agus go gcuirfí tuilleadh infheistíochta ar fáil dóibh, agus tuarascáil nua á seoladh ag comhdháil idirnáisiúnta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, inar leagadh béim ar an ról atá acu i ngleic le dúshláin oideachais, shóisialta agus dhigiteacha.

Tháinig ceannairí leabharlainne ó Éirinn agus ó thíortha Eorpacha eile le chéile don chomhdháil, a reáchtáladh mar chuid d’Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh.

Seoladh an tuarascáil An Eoraip a Neartú trí Leabharlanna Poiblí, a d’ullmhaigh grúpa saineolaithe Eorpacha le dhá bhliain anuas faoi chomhchathaoirleacht na hÉireann.

Tá thart ar 67,000 leabharlann phoiblí ar fud na hEorpa agus tugtar 757 milliún cuairt orthu gach bliain.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.